An réamhfhocal Béarla for agus conas é a aistriú go Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mar is dual do na réamhfhocail shimplí, ní féidir an réamhfhocal Béarla úd for a aistriú go Gaeilge gan aird a thabhairt ar an gcomhthéacs agus ar bhrí na bhfocal ina thimpeall. Seo cúpla leid:

In return for - as, as ucht, U: ar son[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más ionann for agus in return for, is gnách as a úsáid, nó as ucht. Réamhfhocal comhshuite é an dara ceann acu, agus an ginideach ag teacht ar a lorg:

D'íoc mé dhá euro as. = I paid two euro for it.

(Sa chiall seo, úsáidtear ar son i nGaeilge Uladh: d'íoc mé dhá euro ar a shon.)

An íocaíocht féin: ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má thagraíonn an réamhfhocal for don íocaíocht féin, caithfidh tú an réamhfhocal ar a úsáid:

Cheannaigh mé ar dhá euro é. = I bought it for two euro.

For the sake of - ar son, U: ar mhaithe le, i bhfách le[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más é for the sake ofin favour of atá i gceist, ansin is gnách ar son a úsáid:

Rinne an laoch éacht mór ar son chúis uasal na Gaeilge.

(Sa chiall seo, is fearr leis na hUltaigh ar mhaithe le, i bhfách le, nó fiú mar gheall de, mar gheall ar, de gheall ar a úsáid: Mar Gheall ar Mhnaoi a bhaist Séamus Ó Grianna ar ghearrscéal faoi bhuachaill óg a d'fhéach le diúltú dá ghéarbharúlacha polaitiúla in aghaidh a thola féin "mar gheall ar" bhean áirithe. "Maidir le" an chiall atá le "mar gheall ar" sna canúintí eile.)

He went to the shop for it: fá dhéin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má théimid go dtí an siopa le rud éigin a cheannach, rachaidh muid ansin fá dhéin an ruda sin:

Bhuail mé isteach i Siopa Thaidhgín Thaidhg Phádraig Rua fá dhéin caifé agus siúcra.

She came there for me: fá choinne, in araicis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann cuid mhaith leis an dá leagan úd fá dhéin agus fá choinne mar fhíor-chomhchiallaigh. Is é an bharúil a bhí ag Tomás de Bhál ina leabhar An Cabhsa ná go bhfuil miondifríocht eatarthu. Dúirt seisean gur féidir leat dul fá dhéin earraí sa siopa, ach go gcaithfidh tú dul fá choinne an duine atá ag teacht. (Mar sin, is ionann, beagnach, fá choinne duine agus an leagan cainte in araicis duine a chloisfeá in Ultaibh: tháinig sí i m'araicis go dtí an t-aerfort - is é sin, nuair a thuirling mé den eitleán, chonaic mé chugam í, ó tháinig sé go dtí an t-aerfort le mé a thabhairt léi go dtí áit mo lóistín, nó rud éigin cosúil leis sin.)

For the purpose of: le haghaidh, i gcomhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le haghaidh ruda is mó a úsáidtear nuair a bhíonn cuspóir i gceist a bhfuiltear ag bailiú acmhainní - mar shampla - len é a bhaint amach. For the purpose of an dóigh is fearr le sin a mhíniú as Béarla. Sa chiall seo a úsáidtear i gcomhair ruda freisin, leagan a chloisfeá i gConnacht, ach go háirithe.

Aire![cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a réamhfhocal féin ag dul le gach briathar, agus caithfidh tú úsáid na réamhfhocal a fhoghlaim in éineacht leis an mbriathar. nó is féidir go bhfuil an úsáid sin an-difriúil leis an mBéarla. Mar sin, is é rud a iarraidh ar dhuine an Ghaeilge cheart ar to ask somebody for something. Agus is é fanacht le rud an Ghaeilge cheart ar to wait for something.