An Sruth (Victoria)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Sruth
Íomhá
CineálCaolas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinVictoria, Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 38°17′15″S 144°38′14″E / 38.2875°S 144.63722222222°E / -38.2875; 144.63722222222

Réimse contúirteach uisce in Victoria na hAstráile is ea An Sruth (“The Rip” nó “The Heads”) idir Port Phillip agus Caolas Bass. Is é an t-aon bhealach amháin é chun dul isteach in Port Phillip agus as sin go dtí Melbourne. Téann taoide láidir trí chuisle chaol idir an bhá agus an t-aigéan agus tá grinneall ard carraigeach ann. Ó thaobh na tíreolaíochta de, is é an réimse uisce é atá le fáil idir Rinn Nepean, Leathaill Shortland agus Rinn Lonsdale: is iad na háiteanna seo “Na Reanna”.

Tá an bealach isteach idir Rinn Lonsdale agus Rinn Rinn Nepean 3.5 km ar leithead, ach níl an leithead inseolta ach 1 km de dheasca na líonán a bhaineann leis na reanna. Tá ardchlár éadomhain laistigh de 800 méadar taobh amuigh de na Reanna agus tugtar Oitir an tSrutha air. Tá an t-uisce tríocha méadar ar doimhneacht taobh amuigh den ardchlár seo agus chomh domhain le nócha méadar ar doimhneacht taobh istigh de na Reanna. Tá contúirt ag baint leis an míchothroime seo agus le sruthanna taoide atá chomh luath le sé chnota. D’fhéadfadh doimhneacht an tSrutha a bheith idir céad méadar agus cúig mhéadar.

Radharc ar an Sruth ó Rinn Lonsdale i dtreo Rinn Nepean

Is é Stáisiún Comharthaíochta Rinn Lonsdale a stiúrann teacht agus imeacht na long idir na Reanna. Ní ceadmhach do longa móra teacht isteach mura bhfuil píolóta cáilithe ar bord. Thosaigh an tseirbhís sa bhliain 1839: dhéanadh na píolótaí campáil ar an trá agus thugadh daoránaigh amach chun na long iad i mbáid mhíolta móra. Faoi láthair tá tríocha píolóta ann agus lainsí den saghas is nua acu.[1] Tá Solas Íseal Queenscliff (“an teach solais bán”) agus Solas Ard Queenscliff (“an teach solais dubh”) mar shoilse stiúrtha chun longa a thabhairt tríd an bpríomhchuisle, in éineacht le solas dearg Thúr Hume agus solas uaine Thúr Murray.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Port Phillip Sea Pilot: History: http://www.ppsp.com.au/history/history.aspx Curtha i gcartlann 2013-07-25 ar an Wayback Machine Léite ar 10 Lúnasa 2013

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtrachaí[cuir in eagar | athraigh foinse]