An Rí Lir (Dráma)
The Tragedy of King Lear | |
---|---|
Cineál | saothar drámaíochta agus traigéide |
Teanga | Béarla |
Dáta a bunaíodh | 1606 |
Gníomh | 5 |
Dáta foilsithe | 1608 |
Personatges | |
Carachtair | Lear (en) , Goneril (en) , Regan (en) , Cordelia (en) agus Edmund (en) |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 1606 |
Amharclann | Pálás Whitehall |
Eile | |
Aitheantóir Theatricalia | y agus 96 |
|
Is dráma traigéide leis an drámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é An Rí Lir (Béarla: King Lear) a gcreidtear gur scríobhadh é idir 1603 agus 1606. Meastar é a bheith ar cheann dá chuid oibreacha is mó. Tá an dráma Llŷr bunaithe ar fhinscéal Llŷr na Breataine, rí Ceilteach réamh-Rómhánach (tá an focal 'Llŷr' díorthaithe ón Cheiltis choiteann *leros "muir"). Cuirtear é in oiriúint go forleathan ar stáitse agus ar an scáileán, agus pearsa an Rí Lir curtha i ngníomh ag go leor d'aisteoirí saoithiúla an domhain.
Tá dhá leagan ar leith den dráma ann: The True Chronicle of the History of the Life and Death of King Lear and His Three Daughters, a tháinig amach i bhformáid 'in-quatro' sa bhliain 1608, agus The Tragedy of King Lear leagan atá níos fearr don amharclann, a tháinig amach sa Chéad Fhóilió sa bhliain 1623. De ghnáth, clóbhuailtear an dá théacs i leagan cónaidhmithe, cé go n-áitíonn an-chuid d'eagarthóirí na linne seo go bhfuil a shláine féin ag na leagain éagsúla.[1]
Tar éis na hAthghairme is minic go raibh an dráma athraithe ag cleachtóirí amharclainne, toisc nár thathain a bhéim dhúlagair dhorcha leo, ach ón 19ú haois ar aghaidh, amharctar air mar cheann de sáréachtaí Shakespeare. Tá an tragóid seo aitheanta ach go háirithe faoi a thóraíocht doimhneachta agus a bhreithnithe ar nádúr na fulaingthe agus an ghaoil daonna.
Pearsana
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Rí Lir, Rí na Breataine
- Goneril (nó Gonerill), iníon is sine an rí.
- Regan, dara iníon an rí.
- Cordelia, iníon is óige an rí
- Diúc na hAlban, céile Ghoneril
- Diúc Chorn na Breataine, céile Regan
- An tIarla Gloucester
- An tIarla Kent, nó Caius
- Edgar, mac Gloucester
- Edmund, mac tabhartha Gloucester
- Oswald, stíobhard Goneril
- Fool
- Rí na Fraince, suiríoch agus níos déanaí céile Chordelia
- Duke of Burgundy, suiríoch Chordelia
- Curan, courtier
- Sean-fhear, tionónta Ghloucester
- Oifigeach, fostaithe ag Edmund
- Fear, freastalaíonn Cordelia
- Seirbhísigh go Corn na Breataine
- Ridirí Traenach Lear s
- Dochtúir, Oifigigh, Teachtairí, Saighdiúirí agus Freastalaithe
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Taylor, Gary and Michael Warren, ed. The Division of the Kingdoms: Shakespeare’s Two Versions of King Lear. New York: Oxford University Press, 1983