An Ghaillseach Shasanach
Teaghlach | |
---|---|
Céile | Piaras de Bermingham |
Ba í an Ghaillseach Shasanach bean chéile Phiarais de Bermingham, duine de thaoisigh Normannacha na hÉireann agus tiarna míthrócaireach. Deirtear nach raibh drogall ar an nGaillseach lámh chúnta a thabhairt do Phiaras.
Sa chéad chuid den 14ú haois bhí aighneas géar idir na coilínigh Angla-Normannacha (na “Gaill”) agus na hÉireannaigh (agus aighneas idir bhaill den dá dhream faoi seach). Is iomaí sléacht a rinneadh dá bharr, agus bhí droch-cháil ar leith ar Phiaras as taoisigh de mhuintir Chonchúir a dhúnmharú Domhnach na Tríonóide 1305 agus iad ar cuairt ina chaisleán aige. Dúradh go ndearnadh é seo chun teacht roimh mhuintir Chonchúir agus rún acu de Bermingham agus coilínigh eile a mharú.[1]
D’ainneoin an aighnis, bhí Gaill agus Gaeil ag déanamh caidrimh le chéile. Bhí aithne mhaith ag Piaras ar an dá thaoiseach úd, Muircheartach Ó Conchúir Fhailí agus An Calbhach. (Bhí smacht ag Ó Conchúir Fhailí ar limisteár a raibh cuid de Chontae Uíbh Fhailí, de Chontae Laoise agus de Chill Dara ann.) Bhí Piaras ina chara Chríost (athair baiste) ag mac beag an Chalbhaigh agus ina chomhchara Chríost ag clann Mhuircheartaigh.
Deirtear in Annála Inis Faithlinn go ndearnadh Muircheartach agus An Calbhach a mharú agus an mac beag (Maisir) a chaitheamh thar balla amach. Deirtear go raibh an Ghaillseach Shasanach ar mhullach an chaisleáin agus í ag cuidiú leis an drochobair trína fhógairt cá raibh lucht leanúna na dtaoiseach ag iarraidh dul i bhfolach.
- Muircheartach Ó Conchúir Fhailí agus An Calbhach a bhráthair do mharbhadh de Shir Piaras de Breimingheam ar thabhairt cuiridh dó dóibh trí cheilg agus trí mheabhail agus ar dhéanamh cairdeasa Chríost leis an darna fear díobh agus a ceathair[2] leis an bhfear eile. Maisir, an naí bheag, ar mhac don darna fear díobh, do chuir Piaras féin faoi láimh easpaig, do diúracadh thar chaisleán amach gurbh amhlaidh a fuair sé bás; agus triúr nó ceathrar ar fhichid do mharbadh de mhuintir na bhfear réamhráite sin; agus an fear díobh sin a thagadh á fholach, do fhógradh an Ghaillseach Shasanach, .i. bean an Phiarais sin, de mhullach an chaisleáin, gur marbhadh mórán díobh trí na fógraí sin; agus is mairg Gael do bheir taobh le síocháin rí ná le Gallaibh ina dhiaidh sin...[3]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Roy Martin, Haines. King Edward II: His Life, His Reign, and Its Aftermath, 1284-1330. McGill-Queen's Press - MQUP 2003: lch 286
- ↑ Comhchara Chríost
- ↑ Annála Inis Faithlinn, I1305.4: https://celt.ucc.ie/published/G100004/index.html