An Cuiltheann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Cuiltheann
Main ridge of the cuillin in skye arp.jpg
Cineál Sliabhraon
Suíomh geografach An t-Eilean Sgitheanach
Suíomh
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd
 57°12′N 6°12′W / 57.2°N 6.2°W / 57.2; -6.2Comhordanáidí: 57°12′N 6°12′W / 57.2°N 6.2°W / 57.2; -6.2
Tréithe
Airde 992 m
Airde uasta Sgùrr Alasdair  (993 m)
Ábhar carraig bholcánach

Is sliabhraon suite ar An t-oileán Sgitheanach, Comhairle na Gàidhealtachd, é An Cuiltheann.

Logainmneacha na háite[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann daoine, go háirithe iad siúd nach as an Eilean Sgitheanach, an focal faoi leith do gach sliabh idir Loch Ainort agus Gleann Breatail, agus tugann siad na hainmneacha Béarla The Red Cuillin (s) agus The Black Cuillins orthu. Níl Cuiltheann Dearg nó a leithéid ann sa Ghaeilge agus baintear úsáid as na Na Beanntan Dearga nó Na Binnein Dearga le haghaidh na mbeann ar thaobh thoir dr Ghleann Sligachan. Tá cuid eile an an Blà Bheinn san áireamh atá ar an taobh eile den na Binnein Dearga toisc go bhfuil cruth na sléibhe cosúil le cruth an Chuilín féin. Is sliabhraon agus aonad amháin é an Cuiltheann. Níl feidhm ar bith le foirm iolra mar The Cuillins, ainm a úsáideann go leor daoine gan eolas níos fearr..

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bunús an ainm Cuiltheann nó Cuiltheann éiginnte, agus níl a fhios ag scoláirí fiú teanga tionscnaimh an ainm. Ceapann Forbes gur focal Gaelach é a dhíorthaítear ó "cuileann" (Ilex aquifolium).[1] Tugann sé stíleanna litrithe éagsúla freisin, mar shampla Cuilfhionn, Cuildhean agus Cuilion. Ceapann Drummond [2], áfach, nach dócha go dtarlóidh sé seo toisc nach n-ainmnítear sléibhte le hainmneacha crainn i ndiaidh chruth an tsléibhe (nó an mhóinteáin) ach i ndiaidh crainn a fhásann ar an sliabh. Agus má théann tú chuig an Chuilthinn ní fheiceann tú ach cúpla cuileann i nGleann Breatail. Ceapann Drummond gur ainm Lochlannach é Cuillin agus tagann sé ón seanfhocal Lochlannach kjølen, rud a chiallaíonn droim nó sliabh ard agus droim báid freisin. Ceapann Iain Mac an Sporain gur míniú den chineál céanna é kjølen, toisc go bhfuil cnoc ar a dtugtar kjølen le feiceáil san Iorua freisin. Aontaíonn sé le Drummond agus tuigeann sé go gciallódh an t-ainm iomaire ard cnoic agus iomaire báid. Tá an léirmhíniú seo réasúnta ar chúiseanna éagsúla. Tá ainmneacha Gaelacha ar fhormhór na sléibhte san Chuiltheann, ach tá ainmneacha Lochlannacha ar na móintigh arda féin. D’fhéadfadh go léireodh sé seo cúiseanna cultúrtha. Nuair a tháinig na Lochlannaigh ar an Eilean Sgitheanach,is cosúil gur chonaic siad na sléibhte i bhfad ar shiúl uathu, agus is cosúil gur úsáideadh iad le haghaidh loingseoireachta. Mar sin d’ainmnigh siad an méid a chonaic siad agus ní raibh mórán suime acu sna sléibhte singilte, ach sa tírdhreach, agus taispeánann sé seo aonad na sléibhte. De réir Richard Cox, ní léiríonn an sainmhíniú seo an fuaimniú. Is guta fada é an / ø / in kjølen, ach gur fhuaimniú goirid atá i gCuiltheann, toisc nach féidir le guta fada a bheith ró- “lth”. Mhínigh sé freisin go bhfuil e /k/ leathann i gCuiltheann, ach go bhfuil kj / caol i kjølen. Agus go bhfuil /n/ leathan i gCuiltheann, ach bo mbíonntá /n/ caol i kjølen. Ar aon chaoi, tá John Sporran cinnte gur ainm Lochlannach é agus míníonn sé gur cosúil gur athraigh na fuaimeanna seo leis na cianta. Níl sé cinnte cad atá fíor agus scríobh Iain Mac an Tàillei [3] go ndearnadh iarracht míniú a fháil ach níl aon chruthúnas sásúil ann.

Na beanna as airde[cuir in eagar | athraigh foinse]

  Mullach Dearbh-airde (m) Airde coibhneasta (m)
1 Sgùrr Alasdair 992 992
2 Sgùrr Dearg - (stuaic dhoshroichte) 986 182
3 Sgùrr a' Ghreadaidh 973 c. 123
4 Sgùrr na Banachdaich 965 c. 114
5 Sgùrr nan Gillean 964 c. 204
6 Bruach na Frìthe 958 c. 125
7 Sgùrr MhicCoinnich 948 c.56
8 Sgùrr Dubh Mòr 944 c. 89
9 Am Baisteir 934 c. 55
10 Blà Bheinn 928 301
11 Sgùrr nan Eag 924 c. 127
12 Sgùrr a' Mhadaidh 918 c. 71
13 Gars-bheinn 808 172
14 Glamaig 775 c. 480
15 Marsco 736 413
16 Beinn Dearg Mhòr 731 152
17 Belig 702 246

An Cuiltheann[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cuilthionn: na sléibhte is faide ó dheas a fheictear ó Rubha an Dùnain, ó chlé: Sgurr na Banachdaich, Sgurr Dearg, Sgurr Mhic Choinnich, Sgurr Sgumain (i bhfolach Sgurr Alasdair), Sgurr Dubh an Dà Bheinn, Sgurr nan Eag , Garsbheinnna beanntan as fhaide deas air am faicinn bho Rubha an Dùnain, bho chli: Sgurr na Banachdaich, Sgurr Dearg, Sgurr MhicCoinnich, Sgurr Sgumain (a' cur Sgurr Alasdair am falach), Sgurr Dubh an Dà Bheinn, Sgurr nan Eag, Garsbheinn

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Forbes, Alexander R. 1923; The Place-Names of Skye. Paisley: Alexander Gardner
  2. Drummond, Peter 1992. Scottish Hill and Mountain Names. Glasgow: Scottish Mountaineering Trust
  3. Mac an Tàilleir, Iain 2001. Scottish Placenames