An Congó
| ||||
Tipus | Abhainn | |||
---|---|---|---|---|
Inici | ||||
Països de la conca | An tSaimbia | |||
Localització |
Boyoma Falls (en) ![]() | |||
Final | ||||
Localització | An tAigéan Atlantach | |||
| ||||
Afluents |
Inkisi River (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |||
Conca hidrogràfica |
Congo basin (en) ![]() | |||
Característiques | ||||
Dimensions |
4,700 (![]() | |||
Mesures i indicadors | ||||
Cabal | 41,800 m³/s | |||
|
Is abhainn mhór i lár na hAfraice é an Congó. Sníonn sí trí fhoraois bháistí ollmhór an Chongó. Tá sé 4,700 km (2,920 mi) ar fhad: an abhainn is faide san Afraic ach amháin an Níl. Clúdaíonn an abhantrach draenála 3,680,000 km2: an ceann is mó ar domhan ach amháin an Amasóin. Is é an Congó an abhainn is doimhne ar domhan.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 2 Feabhra 1904 foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.
Sa bhliain 1960, d'éirigh an Bheilg as an gCongó. Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó (an tSáír nó Zaire) le fada an lá. Thar thír ar bith eile san Eoraip, is féidir a rá gur beag an iarracht a bhí déanta ag Rialtas na Beilge pobal na tíre a chur i riocht an tír a rialú[1]. Ba thubaisteach agus b'fhuilteach an toradh a bhí ar an teitheadh seo ag an mBeilg as an gcoilíneacht.
Deich lá tar éis don Chongó neamhspleáchas a bhaint amach, bhí an cúige ba shaibhre, Katanga, ag fógairt gur stát neamhspleách é faoi cheannas Mhoise Tshombe. D'iarr Rialtas an Chongó faoi Phatrice Lumumba cabhair ar na Náisiúin Aontaithe chun an tír a choimeád ina aonad.
Cuireadh údaráis agus saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe go dtí an Congó - saighdiúirí de chuid na hÉireann orthu ar maraíodh cuid acu ag Niemba.
Nuair a chuir na Náisiúin Aontaithe chun oibre sa Chongó, tháinig an Bhreatain, an Fhrainc agus an Bheilg ar chomhthuiscint faoi choinníoll a leag na Stáit Aontaithe Mheiriceá síos - nach mbeadh aon troid ann idir fórsaí na Náisiúin Aontaithe agus arm na Beilge a bhí ag cabhrú le Tshombe agus nach mbeadh brabach ag na Cumannaithe as imeacht na mBeilgeach. Dar leis na trí rialtas, b'ionann sin agus 'ná cuirtear isteach ar Tshombe'. Nuair a dúirt Lumumba nach raibh sé sásta, agus go n-iarrfadh sé ar an Rúis teacht i gcabhair ar Rialtas an Chongó, bhí deireadh le réim Lumumba.
Faoin uair a bhí Katanga sásta géilleadh gur chuid den Chongó é, mar sin, ní raibh aon dream náisiúnta polaitiúil fágtha sa Chongó: bhí buíonta polaitiúla treibheacha ann, agus an ceann ba mhó, faoin gceannaire ba mhó tacaíocht i Londain, i bPáras, sa Bhruiséil agus in Washington, D.C., Moishe Tshombe. Sin mar a chuaigh sé i réim in áil Lumumba.
Le linn an chogaidh, maraíodh Lumumba agus nuair a bhí deireadh leis an troid bhí Tshombe ina Phríomh-Aire ar an gCongó.
Réabhlóid Simba, 1963-1965[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí trioblóidí eile sa Chongó san seascaidí (agus níos déanaí). Ach trí chomhoibriú idir an tUachtarán Kasavubu, Tshombe, an Bheilg, agus S.A.M., cuireadh an réabhlóid "Simba" (1963-1965) faoi chois. Cuireadh Antoine Gizenga i bpríosún ar feadh tamall. Fuair sé tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[2], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre nuair a chuir sé Kasavubu agus Tshombe as oifig i gcoup d'état.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Ó Cléirigh, Padraic - Léargas ar Stair na Linne 2 (An Gúm)
- ↑ "Why did the OAU fail to bring about a solution in the Congo Crisis? – IRM" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-25.