An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
Sonraí
Cineálcoimisiún Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1975

Suíomh gréasáinlawreform.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht neamhspleách é An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, a bunaíodh faoin ACHT FÁN gCOIMISIÚN UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ, 1975.

Deirtear san Acht seo gurb é ról an Choimisiúin an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú agus taighde a dhéanamh d'fhonn an dlí a athchóiriú. 

Sainmhíníonn an tAcht 1975 athchóiriú an dlí chun na nithe seo a leanas a áireamh:

  • forbairt an dlí
  • a chódú (lena n-áirítear go háirithe a shimpliú agus a nuachóiriú) agus
  • an dlí reachta a athbhreithniú agus a chomhdhlúthú.

Feidhmeanna an Choimisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alt 4 (1) Coimeádfaidh an Coimisiún an dlí faoi bhreithniú agus déanfaidh sé, de réir forálacha an Achta seo, scrúduithe a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh d'fhonn an dlí a athchóiriú, agus tograí a leagan amach le haghaidh athchóiriú an dlí.

Alt 4 (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Coimisiún —

(a) i gcomhairle leis an Ard-Aighne, cláir a ullmhú ó am go ham, lena gcur faoi bhráid an Rialtais ag an Taoiseach, chun brainsí éagsúla den dlí a scrúdú d'fhonn iad a athchóiriú, agus féadfaidh na cláir sin a mholadh cad é an ghníomhaireacht (agus an Coimisiún nó comhlacht eile san áireamh) ag a mbeadh an scrúdú sin le déanamh agus ag a mbeadh tograí le leagan amach le haghaidh athchóiriú brainse den dlí lena mbaineann an scrúdú,

(b) de bhun moladh i gclár arna fhormheas faoi alt 5 den Acht seo, scrúdú a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh maidir le haon bhrainse den dlí agus, más cuí leis an gCoimisiún é, tograí le haghaidh athchóiriú air a leagan amach agus a chur faoi bhráid an Taoisigh,

(c) ar iarratas ón Ard-Aighne, scrúdú a ghabháil de láimh agus taighde a sheoladh maidir le haon bhrainse nó ábhar áirithe dlí cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear an brainse nó an t-ábhar sin i gclár a bheidh formheasta faoin alt sin 5 agus, má iarrtar sin, tograí le haghaidh athchóiriú air a leagan amach agus a chur faoi bhráid an Ard-Aighne.

Alt 4 (3) Más rud é, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, gur cuí leis an gCoimisiún é, féadfaidh sé —

(a) tograí le haghaidh athchóiriú ar an dlí a ghlacadh agus iad a bhreithniú lena gcur i gclár atá á ullmhú aige,

(b) scrúdú a dhéanamh agus cibé taighde a sheoladh maidir le dlí-chórais tíortha seachas an Stát a bhfeicfear don Choimisiún gur dóigh dó comhlíonadh a fheidhmeanna a éascú,

(c) dréacht-Bhillí a ullmhú, nó a chur á n-ullmhú, agus iad a áireamh ina thograí le haghaidh athchóiriú an dlí,

(d) dul i gcomhairle, i gcás aon ábhair áirithe is iomchuí leis an gCoimisiún, le daoine atá cáilithe chun tuairimí a thabhairt air,

(e) meithleacha oibre nó coistí comhairleacha a bhunú,

(f) réamhpháipéir oibre a fhoilsiú sula leagfar amach togra ar bith le haghaidh athchóiriú an dlí,

(g) inmhianaitheacht, tosaíocht, scóip agus fairsinge aon tograí le haghaidh athchóiriú an dlí a chur in iúl..

Foinsí d'Obair an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eascraíonn obair thaighde athchóirithe dlí an Choimisiúin as dhá phríomhfhoinse:

1.) faoi Chlár um Athchóiriú Dlí arna ullmhú ag an gCoimisiún agus arna chomhaontú ag an Rialtas agus arna leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi Acht 1975; agus

2.) de réir iarratais ón Ard-Aighne faoi Acht 1975

1.) Cláir Athchóirithe Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ullmhaíonn an Coimisiún Clár Athchóirithe Dlí, faofa ag an Rialtas agus cuirtear os comhair dhá Theach an Oireachtais é de réir Acht 1975.

2.) Iarratais ón Ard-Aighne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi Acht 1975, féadfaidh an tArd-Aighne iarraidh ar an gCoimisiún freisin réimsí sonracha den dlí a scrúdú chomh maith leo siúd i gClár Athchóirithe Dlí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]