An Caiptín Máilleach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóAn Caiptín Máilleach
Cineálsaothar ceoil

Is amhrán traidisiúnta Éireannach é An Caiptín Máilleach. Baineann sé le héirí amach 1798. Ghlac an Captaen páirt san éirí amach ach gabhadh e agus crochadh é. An Captaen Séamas Bán Ó Máille as Cnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo atá i gceist.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

1.
Is mise Caiptín Máilleach,
Fear claímhe, píc' is láige,
Fear cneasta, gnaíúil grámhar
Ar aonach, damhs' nó spóirt.
Is mé a sheasfadh dána
I mbearnain bhaoil le háthas
Ar ceart dom' bhuín 's mo chairde
Dá mba 'ndán dom an róp.

2.
Ceal airm, dín nó éide
I ngleannta doimhne 's sléibhte
Chleachtaigh muid fian-réiteach
Do thíocht na bhFrancach cróga;
I mBeárnain mhaol na Gaoithe
Sa gCaistilbeár na dhéigh sin
Ruaig muid na Breathnaigh bhréagach'
Is ár bpíce len a dtóin!

3.
Ach! anois tá mo chnaipe déanta,
Go bhfóire an Tríonóid Naofa 'rm,
An Mhaighdean gheal 's a hAon-Mhac
Go dtarrthaí mé go deo
Mar is mise an Caiptín Máilleach
Fear ceart de chineál Gráinne,
Fear tíre nó fear sáile,
Fear troda, siams' nó spóirt.

4.
Mo mhallacht ar an mBrúnach
Mark Grady is a chúmplacht,
Na Diolúnaigh is na Diúcaigh,
Is na Dáibhisigh bréana fós;
Bhíodh ár scrios 's ár sciúirse
Ó Swinford go Cúl Luachra,
Ó Scrig go Tullaigh Luachra
Na middlemen 's na Yeos.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]