Anúbas
| 𓇋𓈖𓊪𓃣 agus 𓇋𓈖𓊪𓁢 | |
|---|---|
| Cineál | dia de chuid na Sean-Éigipte hibrid mhiotasach dia an bháis |
| Comhthéacs | |
| I saothar | Jumilhac papyrus (en) |
| Miotaseolaíocht | reiligiún na Sean-Éigipte |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Céile | Anput (en) |
| Máthair | Néaftas |
| Athair | Séat agus Óisíris |
| Leanaí | Kebehet (en) |
| Eile | |
| Cuid de | Miotaseolaíocht na hÉigipte |
Dia báis i reiligiún na Sean-Éigipte is ea Anúbas[1]. Is é ceann de na bpríomhdhéithe básanna i gcultúr na Sean-Éigipte, agus bhí sé an-tábhachtach i gcúrsaí adhlactha. Tháinig an t-ainm Anúbas ón Gréigis Ανουβις agus ón Sean-Éigiptis Inpw, Jnpw nó Inpu (𓇋𓈖𓊪𓅱𓃣). De ghnáth, léirítear é mar sheacál nó cainíneach eile ina shuí ar bharr scríne nó ina sheasamh le ceann seacáil agus corp daonna. In íomhánna ón ré Gréag-Rómhánaigh, taispeántar é uaireanta ag caitheamh cathéide. Athnaíodh é mar phátrún na mbalsamóra.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Anúbas príomhdhia an bháis sular tháinig Óisíris sa ról seo mar Rí an tSaoil Eile agus an domhain thíos. D'fhan Anúbas tábhachtach sa mhiotaseolaíocht áfach agus creideadh gurb é i gceannas an próiseas mumaithe agus gur threoraigh sé agus chosain sé anamacha na marbh.
Bhí ról lárnach aige i mbreithiúnas na marbh bainte le searmanas ualú na gcroíthe, nuair a cuireann sé croí an duine bás ar meá le cleite an bhandé Mát chun cead a thugaint don anam dul ar aghaidh chuig an Saol Eile[2].
Adhradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Anúbas ina phríomhdhia don 17ú réigiún sa Dheisceart Éigipte agus a phríomhchathair Cynopolis ach bhí a chultas aithnithe fud fad na hÉigipte, mar shampla croílár a chultas a bhí an reilig Mheimfis sa Ré Déanach agus Ré na dTolamaesach[3]. Credítear gur chaitheadh sagairt maisc Anúbas i rith deasghnátha sochraide.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Anubis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-09-16.
- ↑ Centre of Excellence. "Anubis in Egyptian Mythology". Dáta rochtana: 2026-05-21.
- ↑ Richard H. Wilkinson (2003). "The Complete Gods and Goddesses of Ancient Egypt".