Amoebozoa
Cuma
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Fíleam | Amoebozoa Max Lühe, 1913 |
Is mór-ghrúpa de phrótasóin aiméabóideacha iad na amoebozoa, ina n-áirítear an chuid is mó díobh a ghluaiseann trí bhíthin sreabhadh inmheánach cíteaplasmach. Bíonn cuma mhaol mhéarach ar a gcuid bréagphóidiamaí saintréitheach, ar a dtugtar lóbaphóidiamaí. Tá siad aoncheallach don chuid is mó, agus faightear go minic in ithreacha agus i ngnáthóga uisceacha iad; maireann cinn eile mar shimbóisigh i dteannta le orgánaigh eile, pataiginí san áireamh. I measc na n-amoebozoa tá na slam-mhúscáin ann, orgánaigh ilnúicléatacha nó ilcheallacha a dhéanann spóir agus atá infheicthe ag an tsúil de ghnáth.