Amhránaithe an Chlub
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | ionad |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 2021 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú |
|
| Máthaireagraíocht | Conradh na Gaeilge |
Is oíche amhránaíochta mhíosúil Ghaeilge é Amhránaithe an Chlub a bunaíodh sa bhliain 2021. Tagann siad le chéile an chéad Déardaoin den mhí i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC de ghnáth (Tigh Uí Bhruaidí anois), agus in áiteanna eile uaireanta. Bíonn aíonna speisialta aitheanta acu go minic agus múintear amhráin ag an oíche freisin. Bhí Róisín Seoighe, Liam Ó Maonlaí, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, An Chéad Ghlúin Eile agus go leor eile ag casadh ann. Cuirtear fáilte roimh chách, idir amhránaithe is éisteoirí.
Cuirtear fáilte roimh gach saghas seánra amhrán i nGaeilge: sean-nós, amhráin thraidisiúnta agus stíleanna nua-aimseartha ar nós rapcheoil agus popcheoil freisin. Bíonn fáilte roimh amhráin sna teangacha Ceilteacha freisin agus i dteanga ar bith seachas an Béarla. Eagraíodh Comórtas Amhrán Nuachumtha den chéad uair in 2026, agus bhí 20 amhránaí istigh air. Colm Seoighe a bhuaigh an chéad duais.
Dúnadh Sealadach an Chlub (2024-2027)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Amhránaithe an Chlub ag leanúint ar aghaidh agus Club Chonradh na Gaeilge dúnta d'athchóiriú.[1] Bíonn an oíche amhránaíochta ag tarlúint anois i dTigh Uí Bhruaidí (Briodys) ar Shráid Mhaoilbhríde.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Conradh na Gaeilge ag imeacht ó Shráid Fhearchair agus tús á chur le hobair thógála do lárionad nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-03). Dáta rochtana: 2025-02-06.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |