Am Frìth Fanaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAm Frìth Fanaich
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°42′N 5°01′W / 57.7°N 5.02°W / 57.7; -5.02

Is ceantar sa Ghàidhealtachd é Am Frìth Fanaich. Tá sé suite idir Loch Fanaich san oirdheisceart agus Loch Bhraoin san iarthuaisceart. Dar le Dwelly ciallaíonn an focal "fanaich" "àite rèidh"'[1] .

Tá cáil air as a sléibhte arda, lena n-áirítear buaic Beinn Rothaich. Seo cuid acu:

Oighreachd Fhanaich[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Oighreachd (Gaeilge: eastát) Fhanaich suite in aice le bruach thuaidh Loch Fanaich ag bun Mheall Gorm. Go stairiúil, baineadh úsáid as an eastát le haghaidh seilge agus caorach. Bhí sé ina chuid den Lochrosque and Strathbran Estates ar dtús, ar le Sir Arthur Bignold ag deireadh an 19ú haois é. Leis an tionscadal 'Neart nan Gleann', feabhsaíodh an bonneagar bóithre thart ar an damba ar an taobh thoir de Loch Fanaich, agus tá cosán anois ar bhruach thuaidh an locha ag dul ón Allt Dearg go dtí an eastát.

Áirítear ar an eastát 3700 heicteár. Díoladh le teaghlach é i 1976.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Faclair Gàidhlig air son nan sgoiltean le Edward Dwelly, 1902, td 411
  2. Eachdraidh oighreachd Fanaich[nasc briste go buan] td 3 (Beurla)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]