Alasdair Camshron (Bàrd Thùrnaig)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlasdair Camshron
Beathaisnéis
Breith1848
Inbhir Àsdail, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1933
84/85 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
Séadchomhartha Bhàrd Thùrnaig

Ba fhile Gaelach as Turnaig i dTaobh Siar Rois é Alasdair Camshron (Bàrd Thùrnaig) (1848-1933). Bhí cáil air, ní amháin mar gheall ar a chuid filíochta, ach freisin mar gheall ar a chuid eolais ar chroiteoireacht, ábhar a chuaigh go mór i bhfeidhm ar a chuid filíochta. Rugadh é sa bhliain 1848 in Inbhir Àsdal ar bhruacha thiar Loch Iùbh. Cuireadh oideachas air i scoil na hEaglaise Saoire sula ndeachaigh sé ag obair le O. H. MacCoinnich in Inbhir Iùbh (deartháir le Sir K Mackenzie as Geàrrloch), áit ar fhan sé ag obair ar feadh 40 bliain. Ghlac MacCoinnich spéis in oideachas a' Chamshronaich òig, ag thug sé an deis dó oideachas ceart a fháil ionas go bhféadfadh sé scríobh go líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Bhain Alasdair clú agus cáil amach: bhí roinnt dá dhánta le feiceáil sa phreas thuaidh agus d’aithris sé cuid dá dhánta do Chomann Gàidhlig Inbhir Nis. Bhí a chuid filíochta neamhpholaitiúil nó aorach, ach bhí siad dírithe ar chúraimí baile.

Sa bhliain 1926, foilsíodh leabhar dá shaothar “Am Bàrd: Òrain, Sgriobhaidhean agus Litricheanrs ", curtha in eagar agus foilsithe le Iain MacAlasdair Moffatt-Pender.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]