Aisling Ní Raghallaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Comhalta den Tionól Reachtach | |
5 Bealtaine 2022 – Téarma parlaiminte: 7ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Béal Feirste Thiar (Toghcheantar Tionóil) | |
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
14 Deireadh Fómhair 2021 – ← Fra McCann Téarma parlaiminte: 6ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Béal Feirste Thiar (Toghcheantar Tionóil) | |
Faisnéis phearsanta | |
Náisiúntacht | Éireannach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Is polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin í Aisling Ní Raghallaigh (a rugadh c. 1980). In 2021 tháinig sí in ionad Fhra McCann mar CTR[1] ag déanamh ionadaíochta ar thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste i dtionól na Sé Chontae.[2][3] thug sí an chéad óráid iomlán trí Ghaeilge i dTionól na sé chontae.
Bean spóirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis di an A-Leibhéal a chríochnú, chuaigh Aisling ar aghaidh le gairm bheatha a bhaint amach sa scothspórt. Bhuaigh sí Craobhchomórtais Dhomhanda, Comórtais Uile-Éireann, agus gradaim Idirnáisiúnta éagsúla eile sa liathróid láimhe.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is Gaeilgeoir í a d’fhreastail ar Bhunscoil Phobal Feirste agus ina dhiaidh sin ar Coláiste Feirste [4][5]
Thug Reilly an chéad óráid riamh a bhí go hiomlán i nGaeilge don Tionól, Ar an 13 Bealtaine 2022 i ndiaidh a tofa. Cuireadh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil fad a bhí Aisling Reilly ag labhairt.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Comhalta den Tionól Reachtach (Tuaisceart Éireann)
- ↑ "Handball champ selected by Sinn Féin to replace west Belfast MLA Fra McCann".
- ↑ "Sinn Féin nominate Aisling Reilly as new West Belfast MLA".
- ↑ "Nuachtlitir Coláiste Feirste". Yumpu.
- ↑ Meadhbh Ní Eadhra (Bealtaine 2022). "Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-13). "An chéad óráid go hiomlán i nGaeilge i Stormont" (as ga).
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |