Aipiceaplast

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is plastaid neamh-fhótaisintéiseach díorthaithe é an t-aipiceaplast a fhaightear i bhformhór na hApicomplexa, lena n-áirítear Toxoplasma gondii, Plasmodium falciparum agus Plasmodium spp eile. (seadáin gur chúis leo an mhaláire), ach ní i gcásanna eile mar Cryptosporidium. Shíolraigh sé ó algaí (tá díospóireacht ann faoi cé acu algaí glas nó dearg a bhí anseo) trí insiombóis thánaisteach. Tá an t-aipiceaplast timpeallaithe ag ceithre scannán sa chuid is forimeallaí den chóras inscannáin.[1] Óstálann an t-aipiceaplast bealaí meitibileacha tábhachtacha cosúil le sintéis na n-aigéad sailleach, sintéis réamhtheachtaí iospréanóid agus codanna de chonair bithsintéiseach na haeime. [2]

  1. The evolution, metabolism and functions of the apicoplast. Philosophical Transactions of the Royal Society of London. Series B, Biological Sciences,volume 365, issue 1541, pages 749–63.
  2. The metabolic roles of the endosymbiotic organelles of Toxoplasma and Plasmodium spp. Current Opinion in Microbiology,16:4. 452–8