Jump to content

Ainm tosaíochta IUPAC

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ainmníocht cheimiceach, is ainm uathúil é ainm tosaíochta IUPAC (PIN), a shanntar do shubstaint cheimiceach. Soláthraíonn córas IUPAC sraith rialacha chun rogha a dhéanamh idir na féidearthachtaí iomadúla a bhíonn ann i gcásanna ina bhfuil sé tábhachtach cinneadh a dhéanamh maidir le hainm uathúil. Tá na hainmneacha beartaithe lena n-úsáid i gcásanna dlíthiúla agus rialála.[1]

Ní bhaineann ainmneacha IUPAC ach le comhdhúile orgánacha. Tugann IUPAC (International Union of Pure and Applied Chemistry) an sainmhíniú seo a leanas do chomhdhúile orgánacha: comhdhúile ina bhfuil adamh carbóin amháin, ar a laghad, ach nach bhfuil aon alcailí, miotail chré-alcaileacha nó miotail thrasdultacha iontu, agus ar féidir iad a ainmniú de réir ainmníocht na gcomhdhúil orgánach.[1] Tá córas chun ainmneacha a chruthú do na comhdhúile orgánacha eile agus comhdhúile neamhorgánacha fós á bhforbairt ag IUPAC.

  1. 1 2 Preferred names in the nomenclature of organic compounds, International Union of Pure and Applied Chemistry, aisghafa 2017-08-12.