Ailtéarnú na nglún
Dul chun cinn timthriall beatha planda trí dhá fhoirm atáirgthe. Sa ghlúin ghnéasach (an ghaiméitifít), táirgtear gaiméití haplóideacha. Comhcheanglaíonn siad seo chun spóraifítí dhioplóideacha a dhéanamh. Sa ghlúin neamhghnéasach, táirgeann siad seo spóir haplóideacha, agus uathu sin fasann gaiméitifítí nua. In algaí is í an ghaiméitifít an phríomhghlúin a shealbhaíonn mórchuid den timthriall bheatha, bíodh is go bhfuil an dá ghlúin do-aitheanta óna chéile ó thaobh struchtúir. I mbrifítí bíonn an ghaiméitifít ceannasach freisin, ach bíonn struchtúir na ngaimifítí is na spóraifítí éagsúil amach is amach óna chéile. I raithneach, gimnispeirmeacha is plandaí bláfara, bíonn an spóraifít ceannasach, agus i bplandaí bláfara léiríonn an pailinfheadán is sac an tsutha an ghaiméitifít. Tarlaíonn ailtéarnú na nglún in ainmhithe ar leith. Mar shampla, i gcéileantráití ailtéarnaíonn an staid ghnéasach meadúsa le staid neamhghnéasach cosúil le polaip.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtéarnú na nglún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |