Jump to content

Aigéad hidreaclórach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aigéad hiodraclórach)
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad hidreaclórach

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachtuaslagán uiscí
Mais mhóilíneach54.47 Da
Fionnachtaí nó aireagóirMary an Banghiúdach agus Basil Valentine
Airí
PKa−6.3 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.109 D
Pointe leáite−30 °C
−114.18 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe−85 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.109 D
Galbhrú190 hPa Cuir in eagar ar Wikidata
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist leis an aigéad hidreaclórach ná tuaslagán uisce na clóiríde hidrigine (HCl). Aigéad láidir atá ann. Tá sé le fáil go nádúrtha i súlach gastrach an duine. Imoibreán tábhachtach atá ann a úsáidtear go fairsing sa tionsclaíocht agus sna saotharlanna. Tá sé an-chreimneach, agus ní mór é a láimhseáil go cúramach.

Tugtar clóirídí ar shalainn an aigéid hidreaclóraigh. An chuid is mó acu, bíonn siad sothuaslagtha san uisce, ach tá an chlóiríd airgid, AgCl, dothuaslagtha go hiomlán. Sin é an fáth go n-úsáidtear an níotráit airgid, AgNO3, mar imoibreán leis na hiain chlóiríde a aithint sa tuaslagán. Is é an chlóiríd sóidiam, NaCl - an gnáthshalann - an ceann is tábhachtaí de shalainn an aigéid hidreaclóraigh.