Aigéad clórach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad clórach
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach83.961422 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachClHO₃
SMILES canónta
Model 2D
OCl(=O)=O
InChIModel 3D
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an t-aigéad clórach an dara hocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín. Tugtar clóráití ar a chuid salann.

Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-aigéad clórach éagobhsaí ar chúiseanna teirmidinimice, agus ní féidir é a aonrú ón uisce. Na tuaslagáin uisce a bhfuil 30 % nó níos lú den aigéad seo iontu tá siad cobhsaí le teocht réasúnta íseal, agus má táthar an-chúramach is féidir an tuaslagán uisce a láidriú go 40 %. Is dual don aigéad clórach díréiriúchán a dhéanamh, má bhaintear triail as an tuaslagán a dhéanamh níos láidre ná sin - is é sin, cuid de na hiain chlóráite ag ocsaídiú go hiain sárchlóráite, an chuid eile ag dí-ocsaídiú go hiain chlóiríde nó go móilíní dé-ocsaíde clóirín, mar shampla:

8 HClO3 → 4 HClO4 + 2 H2O + 2 Cl2 + 3 O2
3 HClO3 → HClO4 + H2O + 2 ClO2

Guaiseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ocsaídeoir láidir agus aigéad láidir é an t-aigéad clórach, agus má thagann sé i dteagmháil le substaint indóite nó shodhóite, rachaidh an tsubstaint sin trí thine ar an toirt. Úsáidtear an t-aigéad clórach le clóráití a tháirgeadh.