Fearas baile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aibhléisí)

Gléas a mbaintear feidhm as sa bhaile a ghluaiseann faoi chumhacht aibhléise is ea fearas bailefearas teaghlaigh. Déanann na fearais seo rudaí éagsúla — fuineann siad arán, teannann siad oráistí chun sú oráistí a dhéanamh, glanann folúsghlantóir an t-urlár, meascann siad agus suaitheann siad bia, níonn siad éadaí agus na gréithe agus a lán rudaí eile. Is féidir le daoine leas a bhaint as fearais bhaile i gcomhair nithe pearsanta amhail scuab fiacla aibhléiseach, gléas bearrtha, nó iarann gruaige.

Is féidir leis an aibhléis teacht díreach ón chóras aibhléise nó ó chadhnraí. Murach na fearais seo, bheadh saol deacair ag daoine sa bhaile agus bheadh a lán dua ag baint le mórán oibre a dhéantar sa bhaile.