Jump to content

Aeráid na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aeráíd na hÉireann)
Met Éireann

Aimsir bhog fhliuch is gnách a bheith in Aeráid na hÉireann.

aeráid na hÉireannː lá tipiciúil agus réimse lagbhrú pressure ag dul thart

Tá tionchar mór ag Sruth Mhurascaill Mheicsiceo uirthi. Is ag an ngaoth aniar aneas atá an tionchar is mó ar an aimsir, agus tig sruth na Murascaile ón treo céanna. Tugann sí aer te isteach ón gCairib, a bhailíonn an-chuid taiseachta ar a bealach trasna an Atlantaigh Thuaidh. Cé go bhfágann sin nach mbíonn mórán fuachta nó sneachta ann sa gheimhreadh, ná teochtaí ró-ard sa samhradh, is minic a bhíonn an tír an-ghaofar agus tais, rud a bhíonn le sonrú sa gheimhreadh go háirithe.

Téamh domhanda in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé tugtha le fios ag seirbhís monatóireachta aeráide an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2021gurbh é an samhradh 2021 ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip. idir an Meitheamh agus Lúnasa, bhí meánteocht dromchla an aeir beagnach céim níos airde ná an mheánteocht idir na blianta 1991-2020.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2021-09-07). "Ba é seo an samhradh ba theo a taifeadadh riamh" (as ga).