Jump to content

Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737
Cineálacht de chuid Pharlaimint na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1737 Cuir in eagar ar Wikidata

Acht a ritheadh i bParlaimint na hÉireann sa bhliain 1737 a bhí in Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737An tAcht um Riar an Cheartais (Éire) 1737 (Béarla: Administration of Justice (Language) Act (Ireland) 1737), píosa reachtaíochta a tháinig isteach le linn aimsir na bPéindlithe, sraith de dhlíthe a chuir cos ar bolg ar na Gaeil i gcoitinne agus ar na Caitlicigh go háirithe. B'éigean d'imeachtaí cúirte a stiúradh sa Bhéarla amháin, maille le dhoiciméid ghaolmhara, rud a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain.[1]

Rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht seo ó Dheas sa bhliain 1962. Ach go dtí 2025, cuireadh cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh. Cé nach raibh an dlí seo in úsáid ar feadh na gcéadta bliain agus nár tugadh aird ar bith air ó d’imigh an fheidhm uaidh, léirigh a leithéid an cineál sochaí choilíneach ghéarleanúnach sheicteach chiníoch a chuir an Bhreatain i bhfeidhm in Éirinn go stairiúil.[2]

Hilary Benn

In 2025, bhí sé dearbhaithe ag Hilary Benn go ndéanfaidh sé aisghairm ar an Acht. Rinneadh an dlí a aisghairm mar chuid den acht féiniúlachta agus teanga a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann mí na Nollag 2022. Cé go raibh an aisghairm mar mhír lárnach den Acht nua Féiniúlachta agus Teanga a tháinig isteach i mí na Nollag 2022, bhí dualgas ar an Rúnaí Stáit an mhír áirithe sin a cheadú é féin, rud nár tharla go dtí mí Feabhra 2025. Cloch mhíle stairiúil a bhí in aisghairm acht 1737 ar an aistear i dtreo chearta teanga cuimsitheacha a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Is faoi Aire Naomi Long CTR atá an polasaí nua maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna a chur le chéile.[3]

Chinn Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le céim sa dlí agus sa nGaeilge a chur ar fáil.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Pádraic Ó Ciardha (27 Meitheamh 2025). "Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-29.
  2. Cathal Ó Murchú – An Páipéar (2025-02-28). "Péindlí Aisghairmthe faoi Dheireadh" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-02.
  3. Conradh na Gaeilge (Feabhra 2025). "‘Clochmhíle stairiúil’ eile agus Acht 1737 ó aimsir na bPéindlithe a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh le haisghairm - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2025-03-02.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]