Jump to content

Abhóiséad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAbhóiséad
Recurvirostra avosetta Cuir in eagar ar Wikidata

Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
AICD22693712 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán78 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
Meánlíon in ál3.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir24 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineRecurvirostridae
GéineasRecurvirostra
SpeiceasRecurvirostra avosetta Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Cuir in eagar ar Wikidata

Baineann an t-alt seo leis an speiceas Recurvirostra avosetta. Má tá spéis agat sna héin eile a dtugtar “abhóiséad” orthu, féach Recurvirostra.

Speiceas éan san fhine Recurvirostridae atá dúchasach don Eoráise agus don Afraic is ea an t-abhóiséad alabhreac (Recurvirostra avosetta )[1]. Is lapaire é le cleití dubha agus bána, arb é is sainairíonna dó go bhfuil a ghob cuartha aníoscleiteach dubh agus bán é go bhfuil arb iad is sainairíonna a bhfuil a gob cuartha suas.

Is lapaire é an t-abhóiséad alabhreac, le clúmh bán agus spotaí dubha ar na sciatháin agus ar chuid uachtarach an chinn agus an mhuineál, agus fad coirp idir 41.9–45.1 cm aige. Is sainairíonna iad go bhfuil gob fada dubh cuartha aníos acu, idir 7.5–8.5 cm ar fhad. Tá cosa fada gorma acu atá 7.6–10.2 cm ar fhad, agus réise sciathán 76–80 cm.[3] Ar a sciatháin, tá na cleití príomhacha dubha agus dhá stríoc dhubh, ceann sa gualainn agus ceann eile ag trasnú na gcleití tánaisteacha. Ina theannta sin, tá spota dubh acu a chlúdaíonn cuid uachtarach an chinn agus an mhuineál, a shíneann os cionn airde na súl. Tá cuma den chineál céanna ar an dá ghnéas, ach bíonn na hóganaigh donn san áit a bhfuil dubh ar na haosaigh, agus bíonn a mbán go minic breac le dathanna liathghlasa agus svaeid.

  1. ↑ ““Recurvirostra avosetta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.