Jump to content

ADISQ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaADISQ
Sonraí
Ainm gearrADISQ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálinstitiúid chultúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1978
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtRosaire Archambault Jr (1993–1994) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://www.adisq.com/
Twitter: adisq_ Cuir in eagar ar Wikidata

Seasann ADISQ do Association québécoise de l'industrie du disque, du spectacle et de la video (“Cumann Québec um Thionscail an Taifeadta, na Ceolchoirme agus na bhFíseán”). Bunaíodh sa bhliain 1978 é mar chumann gan bhrabach chun neartú leis an tionscadal ceoil in Québec.

Ó 1979 i leith tá deasghnáth bliantúil duaiseanna ar siúl aige do cheoltóirí agus d’amhránaithe. Is é an t-ainm atá ar an duais úd Duais Félix agus é baiste as Félix Leclerc, amhránaí agus scríbhneoir iomráiteach .

Bhí dhá aidhm ag ADISQ ó thús:

• Taispeántas (Musique du Québec) a chur ar bun ag an Marché International du Disque et de l'Edition Musicale (Midem) (“Margadh Idirnáisúnta an Taifeadta agus na hEagarthóireachta Ceoil”)

• Seó bliantúil teilifíse (“le Gala”) a chur ar bun chun duaiseanna a bhronnadh ar lucht déanta ceoil. Bíonn “Autre Gala” ar siúl freisin ó 2003 i leith. Tar éis don Chumann na haidhmeanna seo a chur i gcrích, socraíodh ar stocaireacht a dhéanamh maidir leis na ceisteanna seo:

• Polasaí ginearálta i dtaobh thionscail an taifeadta, na gceolchoirmeacha agus na bhfíseán • Maoiniú na dtionscadal seo • Cosaint na maoine intleachtúla • Rialacha craolacháin

Chuir ADISQ tionscadal uirbeach Quartier des Spectacles in Montréal. D’fhógair an t-uachtarán Jacques K. Primeau é i 2002 ag an Sommet de Montréal.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]