Coimisiún Toghcháin (Éire)
Sonraí | |
---|---|
Cineál | election commission (en) |
Stair | |
2022 | Electoral Reform Act 2022 (en) |
Suíomh gréasáin | electoralcommission.ie |
Is é an Coimisiún Toghcháin in Éirinn an comhlacht reachtúil neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar thoghcháin. Bainistíonn an Coimisiún Clár na bPáirtithe Polaitíochta agus tó feidhmeanna aige freisin maidir le fógraíocht pholaitiúil.[1]
Bunús
Rialaíonn an tAcht Athchóiriú Toghcháin 2022 comhdhéanamh agus feidhmeanna an Choimisiúin. Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin an 9 Feabhra 2023. Tháinig sé in ionad an Choimisiúin Reifrinn.
Feidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin
- Athbhreithniú a dhéanamh ar thoghcheantair agus ar theorainneacha dáilcheantair le haghaidh olltoghcháin, toghcháin Eorpacha agus áitiúla
- An pobal a chur ar an eolas faoi reifrinn
- Ag insint don phobal faoi conas vótáil agus daoine a spreagadh chun vótáil i reifrinn agus toghcháin
- Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chothabháil
- Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú Chlár na dToghthóirí ag údaráis áitiúla
- Fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil
Gníomhartha
An 30 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a athbhreithniú ar thoghcheantair na hÉireann. Bhí na moltaí ag teacht leis na riachtanais reachtúla a leagadh síos don athbhreithniú, sin a rá comhionannas “réasúnta” idir na toghlaigh éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de.[2] Mhol an Coimisiún : méadaítear líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann go 174 (ó 160) agus líon na dtoghcheantar Dála go 43 (ó 39).[3]
Gaeilge
Rinne An Coimisiún Toghcháin praiseach cheart den bhileog as Gaeilge faoi na reifrinn a reáchtáladh ar an 8 Márta 2024.[4] D’fhoilsigh an Coimisiún "leabhráin eolais" 12-leathanach. Ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais agus ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge.[5] Ceartaíodh an bhileog ach tháinig an leagan as Gaeilge amach i bhfad níos déanaí ná an bhileog i mBéarla. Ina theannta sin, bhí an bhileog scríofa i stíl thar a bheith foclach, 12 leathanach in iomlán.
Maoirseacht agus bréagnuacht
In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin, nach raibh aon fheidhm reachtúil nó rialála ag an gCoimisiún Toghcháin i leith an bhréageolais agus na mífhaisnéise. Mar sin dúirt sé gur chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin: Cé atá á insint seo dom? Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[6]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Citizensinformation.ie. "An Coimisiún Toghcháin" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-23.
- ↑ "LÁITHREACH BONN 24: Feisire Eorpach breise molta do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-20). Dáta rochtana: 2024-02-23.
- ↑ "14 Teachta Dála breise le bheith sa chéad Dáil eile, ceithre dháilcheantar nua le bunú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.
- ↑ electoralcommission.ie (2024). "Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram - Bileog (pd)". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Botúin sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi na reifrinn ceartaithe ag an gCoimisiún Toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.
- ↑ "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.