Ürümqi
Ürümqi 乌鲁木齐 / Dihua | |
![]() Ürümqi: Lár na cathrach, Margadh Oíche Ürümqi, an Sliabh Dearg (Hong Shan), radharc ón gcathair ar na Sléibhte Tianshan | |
---|---|
![]() | |
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Déimeagrafaic | |
Achar | 4,816.60 km² (1,859.7 míle chearnach) |
Daonra | 2,983,715 |
Dlús daonra | 620/km²/km² |
Airde | 800m |
www.urumqi.gov.cn |
Príomhchathair Réigiún Uigiúrach Féinrialathach Xinjiang is Ürümqi (Sínis shimplithe: 乌鲁木齐; Uigiúiris: Urumchi) agus é suite i lár an réigiúin, in iarthuaisceart Dhaon-Phoblacht na Síne. "Móinéar álainn" a chiallaíonn ürümqi i dteanga na nOirat. Ba mhórstad trádála ar Bhóthar an tSíoda é faoin Rítheaghlach Tang. D'fhás a chlú mar ionad cultúir agus trádála faoin Rítheaghlach Qing sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Tháinig rath ar an gcathair arís sna 1990idí agus ar aghaidh mar ionad cultúir, iompair agus trádála in iarthuaisceart na Síne. Bhí cónaí ar 2,988,715 duine sa chathair sa bhliain 2010.
Geograife[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Ürümqi suite i gceartlár ha hÁise, agus sna 1990idí tógadh leac séadchomhartha ag 43°40′52″ thuaidh, 87°19′52″ thoir chun an spota a mharcáil sna fobhailte in iardheisceart na cathrach. Is é Ürümqi an mhórchathair is faide ón bhfarraige ar Domhan. Aeráid bhreacthur a bhíonn ann.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |