Úsáideoir:Sarahdonohoe/sandbox

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:Boscascoile

 An tOrd Loreto[cuir in eagar | athraigh foinse]

[1]Is é na Siúracha Loreto an t-ainm a chuirtear ar na baill atá páirteach den Institiúid na Maighdine Muire Beannaithe. Is eagraíocht Caitliceach Rómhánach í a bhunaigh Mary Ward sa bhliain 1609. Chaith Mary Ward an-chuid am ag guí i Loreto san Iodáil agus fuair an dream an t-ainm ‘Loreto’ mar sin. Úsáidtear na siúracha na hinisealacha IBVM (Institute of the Blessed Virgin Mary) tar éis a hainmneacha chun a thaispeáint go bhfuil siad páirteach den eagraíocht.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

[2]Rugadh Mary Ward i Ripon i Sasana sa bhliain 1585. Dóigh a theach go talamh sa bhliain 1595 mar gheall ar círéib a tharla in aghaidh na Chaitlicigh. Ar amharaí an tsaoil, bhí na páistí uilig sa chlann slán sabháilte. Bhog Ward go sráidbhaile Osgodby, i Shelby agus bhí sé anseo nuair a fuair sí a ghairm. Ó shin, thiomnaigh sí a bheatha dá gairm, a chreideamh. Sa bhliain 1606, bhunaigh sí mainistir nua, dírithe ar na mná Sasanaigh i Fhrainc, in aice le ‘Gravelines’. Spreag Ignatious Loyola í agus an creidimh a bhí aige agus a bhí sé ag cleachtadh. Dá bharr sin, bhí fís aici don todhchaí an reiligiún do mhná. Bhí an aisling seo, nua-aimseartha agus bhí codarsnacht mór le feicieáil idir na smaointí a bhí aici agus lena rialacha a bhí ann roimhe ó Comhairle Trento. D’fhéadfadh sé a bheith contúirteach do na ceannairí eaglasta ag an am. Dar le Ward, ba cheart go mbéadh cearta comhionanna ag mná is atá ag na fir go háirithe sa chóras oideachas. Thaistil sí trasna na hEorpa, ar chos go príomha, agus bhunaigh sí scoileanna sa Bheilg, san Ostair agus san Iodáil. Ní féidir a shéanadh gur éirigh go maith léi a bhrionglóidí a chomhlíonadh go dtí an bhliain 1631, nuair a bhí sé faoi chois.

[2]De réir a chéile, tháinig sé chun cinn arís agus faoi treoracha an Pápa, chuaigh Ward go dtí an Róimh agus fuair sí a lucht leanúna de nua haois anseo. D’fhill Ward ar ais go dtí an Sasana agus socair sí síos i Heworth, in aice le York, sa bhliain 1642, an áit a fuair sí bás sa bhliain 1645.

An tOrd Loreto in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

[3]In Éirinn, le linn an seachtú agus ochtú haois déag, chuaigh na páistí ó na clainne a bhí saibhir thar lear chun a chuid oideachas a fháil. Rinne an teaghlach Ball é seo agus chuaigh Anna Maria, Isabella agus Frances go dtí an clochar ‘Bar’ i Meiriceá. Ba é na Siúracha den Institiúid na Maighdine Muire Beannaithe a bhí i gceannais den clochar seo agus spreag na smaointí agus creideamh a bhí ag Mary Ward na Siúracha seo.

Tar éis a laethanta scoile, d’fhill Frances Ball ar ais go hÉire sa bhliain 1808. Nuair a tháinig sí ar ais, bhí an dúil aici Chríost a leanúint agus labhair sí leis an sagart áitiúil, Daniel Murray. Níos déanaí, ardaíodh ina ardeaspag é, agus bhí Murray lárnach don bhunú an tOrd Loreto in Éirinn. Bhí Murray ag iarradh oideachas Caitliceach a chuir ar fáil do mhuintir na hÉireann agus mar sin, thug sé cuireadh do na Siúracha sa Clochar Bar i York teacht go hÉire chun clochar a bhunú i mBaile Átha Cliath. Ní raibh na Siúracha in ann é seo a dhéanamh, áfach. Dá bhrí sin, shocraigh sé le Frances Ball dul go York chun cleachtadh a fháil ó na Siúracha ansin, agus ar deireadh thiar, tiocfaidh sí ar ais go hÉire chun Institiúid na Maighdine Muire Beannaithe a bhunú in Éirinn. Tugtar “Siúr Teresa” ar Francis Ball anois agus d’fhill sí ar ais go hÉire le beirt eile, Ignatia Arthur agus Baptist Therry. Bhog siad go Rathfarnham i mí na Samhain, 1822. An bhliain dar gcionn, d’oscail siad an scoil cónaithe do na pháistí áitiúil, agus tá sé fós i mbarr a réime sa lá atá inniu ann.

[3]Mar thoradh den rath a bhí acu leis an chéad scoil, spreag Daniel Murray í scoil eile a oscailt sa cheantar. Níorbh fhada go dtí go fuair Frances Ball go leor cuireadh ó háiteanna éagsula timpeall na tíre chun scoileanna a oscailt. Nuair a fuair Frances Ball bás sa bhliain 1860, bhí 37 scoileanna oscailte aici in Éirinn agus bhí siúracha thar lear aici in India, i gCeanada, i Sasana agus sa Spáinn. Inniu, in Éirinn, glactar leis go raibh Mary Ward mar bhunaitheoir an tOrd Loreto agus athnaítear an Siúr Teresa Ball mar an chéad Siúr chun an tOrd a thabhairt go hÉire.

An tOrd Loreto Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

[1]Inniu, tá an tOrd Loreto fós i mbarr a réime agus tá na siúracha fós ag obair go díograsach ar son na cearta daonna, oideachas (go háirithe do pháistí agus mná), sláinte agus creideamh. Déanann siad an-chuid obair, ní hamháin in Éirinn, ach i 24 tíre timpeall an domhain agus i gcúig mór-roinne. Tá an tOrd seo lárnach i saol na daoine atá leochaileach i go leor tíreanna bochtanach. Déanann said go leor obair dheonach, mar shampla; déanann siad feachtas sna scoileanna chun eolas a scaipeadh faoi na tíre bochtanach, cuireann siad eolas ar fáil do mhuintir an phobail ar an t-obair mhisinéireachta a dhéanann na siúracha agus uaireanta, na daltaí sa scoileanna, cuireann siad béim ar na paidreacha agus speragann siad daoine a chuid paidreacha a rá ar son iadsan atá ar an ngannchuid. Faoi láthair tá an tOrd Loreto ag obair le heagraíochtaí éagsúla i tSúdáin Theas, an Chéinia, an Afraic Theas, an tSaimbia, an India agus Peiriú.

An Suaitheantas Loreto[cuir in eagar | athraigh foinse]

[4]Caithtear an suaitheantas i ngach geansaí scoil i Loreto ar fud an domhain. Cuireann an suaitheantas in iúl do dhaoine go bhfuil an duine sin pairtecah den ord speisialta seo. Tá go leor siombailí san áireamh chomh maith. Ar an gcéad dul siar, feictear an crois. Is siombail é seo do slánú. Tá sé seo an-oiriúinach toisc go bhfuil an oideachas an rud is tabhachtaí i saol na daoine óga. Tugann sé an bunús dóibh agus iad ag dul ar aghaidh sa saol. Ansin, tá croí Íosa ar fail. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an ghrá atá ag Íosa dúinn. Chomh maith leis sin, tá croí bréige Máthair Dé ann. Taispeáineann sé an misneach a bhí aici agus spreagann sé seo muid inár shaolta féin chun a bheith crógacht agus misneach. Ag an deireadh ar fad, tá ancaire ann freisin. Is siombail é seo don dóchas. Timpeall an suaitheantas tá na focail “Maria Regina Angelorium” ar bharr agus “Cruci Dum Spiro Fido”, an mana atá acu, ar bhunn. Tá sé seo scríofa i Laidin agus ciallaíonn sé “Naomh Mhuire, Banríon na n-aingeal” agus cuimhnítear Naomh Mhuire agus a láithreacht chonsanta mar sin. Tá an mana an-speisialta le haghaidh an tOrd Loreto agus tugann sé compord do na baill le linn a shaol. Ciallaíonn sé “Beidh muinín agam sa chros i gcónaí”.

Stair Loreto An Cabhán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1930, bhunaigh na siúracha meanscoil sa bhaile an Cabhán agus bhí Máthair Louis Kevins ceann de na príomh smaointeoirí taobh thiar den scoil nua. Ba scoil lán cailín í. D’oscail an scoil sa bhliain ceanna agus bhí 39 scoláire cónaithe agus 76 daltaí. D’éirigh go maith leis an scoil i go leor gnéithe éagsúla, mar shampla sa díospóireacht, marcaíocht capall, haca srl. Ag tús ré, bhí an scoil ag brath ar táillí ó na daltaí chun an scoil a choiméad oscailte. D’fhairsing an scoil sa bhliain 1940/1941 go dtí scoil trí stóir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 https://loreto.ie/about-us/
  2. 2.0 2.1 https://loreto.ie/history/mary-ward/
  3. 3.0 3.1 https://loreto.ie/history/teresa-ball/
  4. http://www.loretocavan.ie/index.php/our-school/crest