Úsáideoir:Oileánmara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

FAILTE O CHROI go dtí mo leathanach baile. Mar atá soiléir ó m' ainm úsáideora tá téama na farraige ag sníomh tríom mar gur tógadh ar oileán mara i gcéin san iarthar mé. Is Gaeilgeoir ó dhúchas mé a bhfuil fíor ghrá agam don teanga agus do m'áit dhúchais inár tógadh mé chomh maith.D'fhás mé suas ar oileán a raibh an fharraige ar gach taobh díom agus tá an-ghrá agam don uisce, do spóirteanna uisce ach go h-áirithe agus i dtionscnamh a 3 beidh mé ag cruthú leathanach eolais faoi'n gCadhcáil.


Tá feabhsaithe gramadaí déanta agam ar alt faoi'n nGaeilge ins an suíomh faoi oileáin Arann.

Tá feabhsaithe gramadaí agus slacht curtha agam ar an gcéad chuid den suíomh spórt 'Spórt ar fud an domhain'.

Rinne mé feabhsaithe gramadaí ar an alt faoi 'Liam O Flaithearta' ins an suíomh 'Filíocht'.

D'fhorbair mé agus cheartaigh mé gramadach ins an alt faoi 'Naomh Pádraic'san suíomh 'Laethanta Saoire'.

Rinne mé roinnt mhaith forbairt ar altanna faoi 'John Millington Synge' san suíomh 'Beathaisnéisí

Cheartaigh mé gramadach in alt faoi na 'Péindlíthe'.

Cheartaigh mé botúin ghramadaí ar an leathanach 'Iompar'.

Chruthaigh mé nasc ón leathanach faoi'n gcadhcáil go dtí 'Iompar'.

Chruthaigh mé nasc ón leathanach baile seo go dtí an leathanach 'Cadhcáil'.

Tá alt cruthaithe agam faoi'n gcadhcáil. Níor glacadh ró-mhaith leis an bhfocal Kaiacadóireacht cé go bhfuil sé in úsáid i dtéacsleabhair scoile.

Rinne mé nasc le 'Marcaíocht Mhaidhme'a chruthaigh macléinn eile, le cadhcáil uiscí ciúine agus chuir mé íomhá isteach ann agus le roinnt leathanaigh eile.

Chomh maith rinne mé roinnt naisc sheachtrach go dtí ailt ar an idirlín Béarla a bhaineann leis an ábhar.

Tá chúig íomhá in úsáid agam a bhaineann leis an ábhar.

Na foinsí a d'úsáid mé ná: Na suímh luaite agam ar an leathanach ach go h-áirithe-

www.canoeunion.com

www.askaboutireland.ie

Leabhar-'A to Z of Sport'(The compendium of Sporting Knowledge)

compiled by Trevor Montague.Little,Brown 2004