Úsáideoir:Nonichar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stair CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht mhór do chluichí ar nós [Iománaíocht] agus [Peil Ghaelach]. Tugann an eagraíocht tacaíocht láidir freisin don Ghaeilge agus tá an aidhm sin mar chuid lárnach d'imeachtaí an chumainn. Tá craobh den chumann le fáil i bparóistí agus contaetha na hÉireann. Tá an eagraíocht ar cheann de na príomh eagraíochtaí a nascanna daoine le chéile sa tír seo. Tá 800,000 míle duine páirteach sa gcumann.


Bunú an Chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear as Co an Chláir, [Micheal Cusack] a bhunaigh an cumann an chéad lá ariamh. Rugadh é sa bhliain 1847. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile ó choláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1877,bhunaigh sé a scoil féin, chun stát sheirbhísigh a réiteach do scrúduithe chun post a fháil le Stát Sheirbhís na Breataine. Tugadh Acadamh Cusack ar an scoil.D'éirigh thar cionn lena chuid scoláirí agus bhain an scoil cáil amach. Tháinig meadú mór dá bharr ar líon na mac léinn agus moladh dóibh a bheith aclaí agus folláin agus gur bé an rud ab fhearr dóibh ná bheith páirteach in imeachtaí aclaíochta. Fear é Micheal Cusack a bhí tugtha don Ghaeilge agus bhí an-imní air freisin faoin laghdú a bhí tagtha ar stad na h-imeartha i gcuid de na cluichí Éireannacha. Shocaigh sé aghaidh a thabhairt ar an gceist agus cluiche na hiománaíochta a thabhairt chun fóirfe arís. Chas sé le roinnt daoine eile a bhí chomh díograsach céanna leis féin. Is de bharr an fheachtais seo a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1884 i gCo. Thiobrad Árannn.


Éachtaí an Chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Murach bunú an chumainn agus iarrachtaí an uasail Cusack , is cinnte nach mbeadh cluiche na hiománaíochta ná na cluichí eile againn inniu. Thug an Cumann deis do dhaoine a bheith páirteach sna cluichí, chuidigh sé leis an mbród agus a bhféin-mheas mar phobal Éireannach. Tá fréamhacha an chumainn fíte fúaite sa bpobal ag léibhéil éagsúla ,sa bparósite, sa gcontae, go réigiúnach agus go náisiúnta. Déanann an GAA freastal ar óg agus aosta. Tá an eagraíocht ar cheann de na cinn is mó ar domhan. Tá 3,000 cumann nó níos mó acu agus is mór an líon a thagann faoi thiochar an chumainn sa gcóras oideachais ach go háirithe. Fiú, tá craobhacha agus foirne an chumainn le fáil ar fud an domhain. Imrítear craobh ceannais na gcluichí i bpáirc an Chrocaigh Baile Átha Cliath, páirc mhór bhreá.

Seicteachais sa chumann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh ina leith go minic go raibh an eagraíocht seicteach agus gur theastaigh uatha pobail éagsúla a choinneáil ón gcumann.Is minic gur é seo an port a bhíodh á sheinnt ag polaiteoirí áirithe i dTuaisceart Éireann. Deir siad go mion minic go raibh an eagraíocht claonta i dtreo náisiúnaithe agus poblachtanaigh agus an eaglais chaitligeach. Bhí an argóint ag an gcumann lúthchleas gael gur spreag siad daoine ariamh le meas a bheith acu ar a dtír agus gach ar bhain léi seachas cursaí creidimh. Go deimhin níl aon bhunús leis an argóint sin anois in aghaidh an chumainn agus cead ag póiliní agus lucht airm Thuaisceart Éireann balraíocht a ghlacadh ina gcuid cumann.

Breis Eolais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téigh go dtí suíomh idirlín an chumainn chun tuilleadh eolais a fháil http://www.gaa.ie


10-04-06 Scríobh mé mo alt inniu. Eolas faighte ón wikipedia Béarla 11-04 alt curtha suas ar an wicipeid agus nascanna cruthaithe.

11-04 trathnóna. Chuir mé pictiúr le mo alt agus rinne mé ceartaithe ar chúpla alt eile Ailt a d'athraigh mé

      • Peil Ghaelach na mBan
      • Cluichí Oilimpeacha