Úsáideoir:Momeachair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is teangeolaí corpais, logánaí agus ríomheolaí do thionscadail teanga mé. Is saineolaí mé ar fhochoiste téarmaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta don Choiste Téarmaíochta ó thús 2015. Déanaim obair ócáideach mar léachtóir, mar theagascóir, agus rólanna ar thionscadail teanga éagsúla freisin.

Tá an-spéis agam sa spórt, agus is maith liom an fhicsean-eolaíocht agus an fhisic. Is iomáint agus sacar a imrím den chuid is mó, ach d'fhéadfaí teacht orm ag rásaíocht anois is arís.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ar Twitter ag @momeachair.