Úsáideoir:Mnichart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

John Connolly: Fathach Iománaíochta na Gaillimhe

Oscailt na Cluichí Oilimpeacha Speisialta
Oscailt na Cluichí Oilimpeacha Speisialta

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh an laoch mór iomána seo i [[Leitir Móir}], i gConamara i gcontae na Gaillimhesa bhliain 1948. Thug an teaghlach a n-aghaidh ar chathair na Gaillimhe i 1953 agus shocaigh siad i mBaile an Bhríotagar go maith do ráschúrsa na gcapall. Thosaigh sé luath go maith ag imirt iománaíochta. Bhí an-suim go deo ag a athair sa gcluiche rud a chuaigh i bhfeidhm go mór air. Is cuimhín le John a athair á iompar ar thrasnán a rothair chomh fada le Páirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá ag cluiche iománaíochta le Gaillimh a fheiceáil ag imirt.

An Club Áitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é club an Chaisleáin Gheairr an club iománaíochta a bhí san áit.Bhí a bpáirc imeartha ag an am sin buailte ar theach John agus a mhuintire. Bhíodh John ag lascadh na liathróide in éineacht leis na hiománaithe agus iad ag cleachtadh na scileanna. Bhíodh sé ag rith soir agus siar chun na liathróidí a bhailiú chuile uair a ndeachaigh an sliotar ar strae. Is iomaí tráthnóna a chaith sé ina gcomhluadar agus ba í an iománaíocht a bhíodh i gcónaí á phlé acu.

Deartháireacha Cáiliúla Uí Chonghaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'shin é an chaoi ar thosaigh John agus a sheisear dearthár ag imirt agus ag cleachtadh a gcuid scileanna iománaíochta.Bhí an seachtar dearthár ag imirt ar fhoireann an Chaisleáin Gheairr i gCraobh Club na hÉireann nuair a bhuaigh siad an chraobh. D'éirigh leo foireann Bhaile an Chaisil ó chontae Aontroma a chloí sa gcluiche ceannais. Admhaíonn John sa leabhar "Giants of the Ash" le Brendan Fullam go mba é sin an lá ab fhearr riamh ina shaol iománaíochta. Bhíodh sé de nós ag na deartháireacha casadh le chéile i dteach a mhamó ar maidin sula rachaidís ag imirt i gcluiche. Bhíodh neart cainte agus plé ar an gcluiche. Chabhraigh sé seo go mór leo spiorad agus díocas a chothú eatarthu féin rud a thug siad leo cosúil le Cúchulainn agus iad i lár na coimhlinte ar pháirc na himeartha.


Cúlra Foirne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí John ina chaptaen i 1975 nuair a d'imir Gaillimh in aghaidh Thiobrad Árann sa léig náisiúnta. D'imir sé i lár na páirce do Ghaillimh an lá sin. Bhuaigh Gaillimh ar Thiobrad Árann agus bhí a mbua cinniúnach mar nach raibh móran de na cluichí móra buachta acu go dtí seo. Bhí scil agus cumas iomána John Connolly os comhair an phobail faoi dheireadh thiar thall. Bhí John ag imirt sna tosaithe ar fhoireann na Gaillimhe ar an lá stairiúil úd nuair a bhuaigh Gaillimh cluiche ceannais iomána na hÉireann i 1980. Fuair siad an ceann is fearr ar Luimneachsa gcluiche. Bhí a chuid deartháracha Mícheal agus Joe ar an bpáirc an lá sin freisin chomh maith le Pádraig a bhí ina fhear ionad. Cuimhneoidh muintir na Gaillimhe go brách na breithe ar an óráid iontach spreagúil a chuir Joe a dheartháir dá chroí an lá sin. Bhí na Connolloy's riamh sáite san iománaíocht. Níl a chlann mhac ach an oiread ag tabhairt cúl le cíne. Tá an bheirt acu Shane agus Cathal anois ag lascadh na fúinseoige ar pháirc na himeartha.

[Rang:Spórt]

Breis Eolais[cuir in eagar | athraigh foinse]

http://www.gaa.ie

http://www.rte.ie/aertel/p240.htm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ailt eile atá déanta agat Leadóg -Thosaigh mnichar alt nua 11/4/06 Comórtas Peile na Gaeltachta chuir mnichar breise eolais leis an alt seo 11.4.06 Rothaíocht Thosaigh mnichart alt nua faoin rothaíocht 11/04/06 12-04-06 Chuir mé alt ar an vici faoi John Connolly, leis an alt faoin iománaíocht