Úsáideoir:ClodaghQM/Pathologic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Is cluiche rólimeartha agus marthanas a eisíodh i 2005 é Pathologic (Rúisise: Mor. Utopia , IPA: [ˈmor ʊˈtopʲɪjə] , lasadh. 'Útóipe Phlá' – imeartas focal ar Utopia Thomas More agus an focal Rúisise ar “Phlá”) arna fhorbairt ag an stiúideo Rúiseach Ice-Pick Lodge. D'eisigh Buka Entertainment an cluiche sa Rúis i mí an Mheithimh 2005, agus rinne G2 Games agus GMX Games leagan Béarla a chuir amach i 2006. D'fhorbair General Arcade leagan uasdátaithe, Pathologic Classic HD, arna fhoilsiú ag Good Shepard Entertainment, agus a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2015. D’fhorbair Ice-Pick Lodge athleagan ag baint úsáid as an inneall cluiche Unity. D'eisigh tinyBuild an t-athleagan seo mar Pathologic 2 i mBealtaine 2019.

Imirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhá:Pathologic-game-screenshot.jpg
Gábháil scáileáin de cheann de na ceantair sa bhaile

Is féidir leis an imreoir cneasaí amháin de thrí chneasaí a roghnú leis an gcluiche a imirt, a liostaítear de réir a dteidil amháin: beirt fhear, The Bachelor (An Baitsiléir) (Daniil Dankovsky), Haruspex (Artemy Burakh); agus cailín – The Devotress, Klara (athaistríodh an teideal seo níos déanaí mar “The Changeling, Clara” ("An Síofra, Clara")). Níl tú in ann an cluiche a imirt ach leis An mBaitsiléir agus an Haruspex le linn do chéad imirt den chluiche, le Clara á dhíghlasáil tar éis an cluiche a chríochnú mar Daniil nó Artemy. Braitheann na toraíochtaí a thugtar faoi ar an gcarachtar atá á imirt agat. Tá an dá charachtar nach roghnaítear i láthair le linn cluiche an charachtair a roghnaítear.

Tá sprioc éagsúil breactha síos i leabhar tóraíochta gach carachtar, ach is é an t-aon sprioc riachtanach atá ag an imreoir ná maireachtáil go dtí deireadh an dhá lá dhéag trína n-acmhainní a chothabháil. Tarlaíonn an cluiche i ndomhan síoraí thar thréimhse dhá lá dhéag sa chluiche. Faigheann an t-imreoir toraíochtaí ó charachtair ríomhrialaithe (CR) gach lá; leanann an cluiche ar aghaidh, áfach, fiú muna bhfuil siad críochnaithe agat. Díreach ar bhuille an dó dhéag gach lá, scriostar na toraíochtaí neamhchríochnaithe ó leabhar nótaí an imreora. Roinntear na toraíochtaí i bpríomh-mhisin (ceann amháin in aghaidh an lae), a chinneann má fhaigheann príomhcharachtar (dá dtagraítear sa chluiche mar an "Bound" ("Ceangailte")) bás, agus seachthoraíochtaí, a thuilleann airgead agus earraí. Tá sé ríthábhachtach príomhthoraíochtaí a chríochnú chun rúin an bhaile a fháil amach, mar is féidir leis an bplá carachtair a nochtfadh faisnéis níos déanaí sa chluiche a bhuaileadh go luath.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann gach cneasaí iarracht foinse an tinnis mhairfigh aistigh ar a dtugtar "plá an ghainimh" a aimsiú, beag beann ar an gcarachtar a roghnaíonn an t-imreoir. Cé go bhfuil imreoirí in ann an chluiche a imirt mar dhuine ar bith acu, níl ach príomhscéal amháin ann, a fheictear ó dhearcadh an charachtair atá roghnaithe. Athróidh mionsonraí an phlota ag brath ar an imreoir, agus braitheann na rúin atá an t-imreoir in ann a nochtú ar an gcarachtar atá á imirt acu. Is féidir leis an imreoir caidreamh a dhéanamh leis an mbeirt caractar nach roghnaítear agus a ndul chun cinn le linn an chluiche a phlé.

Seasann geilleagar athraitheach an chluiche dona forsaí gharbha soláthar agus éileamh i mbaile iargúlta, lán le galar. Tá ceantair agus mórfhoirgnimh an bhaile ar fad ainmnithe as baill corp agus bitheolaíocht. Ar imeall an bhaile tá mórfhoirgneamh darbh ainm Polyhedron, structúir nach mbeadh indéanta de réir nádúir a úsáideann páistí mar dhaingean. Seasann Abattoir (Seamlas) tuarúil ar an taobh eile den bhaile, áit a maraítear eallaí, leis an Apiary (Beachlann) (a athaistríodh mar "Termitary" níos déanaí, áit a choimeádtar teirmítí) in aice leis.

Sanntar grúpa CR do ghach carachtar - "Bound" (Grúpa Ceangailte) a dtugtar orthu - caithfidh na cneasaí na CR a choiméad slán tríd an bpríomhtoraíocht a chríochnú gach lá.

Tá ceithre chríoch ar fáil. Tá críoch sainithe ag gach carachtar, ach is féidir aon de na trí chríoch seo a roghnú má chríochnaíonn an t-imreoir an tasc roghnach de Ghrúpa Ceangailte cneasaí eile a choiméad slán faoin gcruinniú ar an 12ú lá. I gcríoch an Bhaitsiléara scriostar an baile, agus sábháiltear an Polyhedron míorúilteach. Scriosann críoch an Haruspex an Polyhedron ar mhaithe le leigheas gach galar a tháirgeadh, ag sábháil an bhaile. Ligeann críoch an Devotress/Síofra don Polyhedron agus don bhaile a mhaireachtáil le chéile, ach caitear roinnt muintireacha an bhaile a mbeatha a thabhairt ar mhaithe seo. Muna bhfuil an t-imreoir in ann a G(h)rúpa Ceangailte a choiméad slán, áfach, gabhann plá an bhaile sa cheithriú "Críoch Dona".

Forbairt agus eisiúint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Pathologic an chéad cluiche a d'fhorbair an stiúideo Rúisise Ice-Pick Lodge.[1] D'fhógair an foilsitheoir Buka Entertainment an chluiche ar an 30 Márta 2004, agus bhí sé ar intinn acu é a chuir amach sa ráithe deireanach den bhliain.[2][3] Eisíodh an leagan Rúisise le haghaidh déantúsaíochta ar an 31 Bealtaine 2005, ar tí a sheolta ar an 9 Meitheamh.[4] Críochnaíodh leagan Béarla ar an 20 Deireadh Fomhair 2005 agus bhí an leagan seo eisithe ag G2 Games i 2006.[4][5] Bhí leagan Gearmáinise eisithe ag Frogster Interactive Pictures ar an 20 Aibreán 2006 tar éis dó a bheith eisithe le haghaidh déantúsaíochta níos luaithe sa mhí.[6][7]

Athleagan agus leagan athmháistrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaigh Ice-Pick Lodge i mí Dheireadh Fomhair 2013 go raibh fonn orthu athleagan a dhéanamh de Pathologic, ag baint úsáid as slua-mhaoiniú chun airgead a chuir ar fáil don fhorbairt.[8] Dheimnigh an forbróir go raibh siad ag tosú le forbairt an athleagain i mí Iúil 2014 agus thosaigh siad feachtas slua-mhaoiniú Kickstarter Meán Fómhair na bliana sin.[9][4] Ba é aidhm an fheachtais US$250,000 a bhailiú, agus bhain siad an aidhm amach faoi dheireadh na míosa. Bhailigh siad $333,127 san iomlán, le 7,139 tacadóir.[4][10] I mí Dheireadh Fómhair 2015, d'fhógair Ice-Pick Lodge Pathologic Classic HD, leagan athmháistrithe den bhunchluiche, arna fhorbairt ag General Arcade agus arna eisiúint ag Gambitious Digital Entertainment.[11][12] Bhí grafaicí níos fearr sa leagan athmháistrithe, fuair siad réidh le fabhtanna, rinne siad an dialóg a thaifeadadh arís agus rinne siad aistriúchán úr den script Bhéarla.[11] Eisíodh Pathologic Classic HD ar an 29 Deireadh Fómhair 2015.[13][14] Mhol mórán léirmheastóirí an leagan athmháistrithe, dar le Metacritic. Faoin bhfoilsitheoir tinyBuild, athainmníodh an t-athleagan Pathologic go Pathologic 2 ionas go mbeadh sé níos easca idirdhealú a dhéanamh idir é agus Pathologic Classic HD.[15] Eisíodh Pathologic 2 ar an 23 Bealtaine 2019.[16]

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí glacadh maith ag Pathologic i measc léirmheastóirí de chuid na Rúise, ag bua gradaim cinn bliana ó chúig léirmheastóir de chuid na Rúise.[17] Bhí glacadh an chluiche i ndomhan an Bhéarla éagsúil, moladh é le haghaidh a atmaisféar agus a choincheap ach rinneadh scaineart ar ag an am céanna de bharr an drochaistriúcháin, seanghrafaicí agus luais na himeartha a bheith an-mhall.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Quintin Smith (2009-02-03). "RPS Interviews Ice Pick Lodge" (en). Rock, Paper, Shotgun. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  2. "Buka announces Pathologic" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  3. Juan Castro (2004-03-30). "Survival Horror Adventure Coming to PC" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 "Ice-Pick Lodge" (as en) (2022-11-13). Wikipedia.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":0" defined multiple times with different content
  5. "Carte Blanche hands-on" (en). Adventure Gamers (2006-10-26). Dáta rochtana: 2023-03-30.
  6. Gamezone (11 Aibreán 2006). "Pathologic: Die Geisterstadt in Gold".
  7. Gamezone (1 Márta 2006). "Pathologic: Seltsame Vorgaenge".
  8. "Ice Pick Lodge wants to remake Pathologic" (en). PCGamesN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  9. Phil Savage published (2014-07-24). "Pathologic remake confirmed, will launch on Kickstarter this September" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  10. Kickstarter (23 Nollag 2018). "Pathologic (Мор.Утопия)".
  11. 11.0 11.1 Andy Chalk published (2015-10-07). "Pathologic Classic HD is coming later this fall" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  12. John Walker (2016-07-28). "Interview: Ice Pick Lodge On Pathologic HD And Preserving Madness" (en). Rock, Paper, Shotgun. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  13. Alec Meer (2015-10-23). "Surprise Remaster Pathologic Classic HD Dated" (en). Rock, Paper, Shotgun. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  14. Andy Chalk published (2015-10-29). "Pathologic Classic HD launches with weirdest trailer ever" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  15. "Pathologic is now called Pathologic 2 and it’s set to release in 2018" (en). PCGamesN. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  16. Andy Chalk published (2019-05-27). "Pathologic 2 is getting a difficulty slider but the developers don't want you to use it" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  17. "Pathologic". web.archive.org (2006-12-05). Dáta rochtana: 2023-03-30.

Léitheoireacht bhreise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nascanna Seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

[[Catagóir:Físchluiche]] [[Catagóir:2005]]