Úsáideoir:ClodaghQM/'Salem's Lot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Is úrscéal uafáis le húdár Meiriceánach Stephen King é 'Salem's Lot arna fhoilsiú i 1975. Ba é an dara húrscéal King a fhoilsíodh. Baineann an scéal le húdár darbh ainm Ben Mears a thagann ar ais chuig an mbaile Jerusalem's Lot (nó 'Salem's Lot go gairid) i Maine, áit a bhí cónaí air idir aois a chúig agus a naoi, ach le linn na cuairte faigheann sé amach go bhfuil na cónaitheoirí ag athrú ina vampírí. Tugtar athchuairt ar an mbaile sna gearrscéalta "Jerusalem's Lot" agus "One for the Road", as cnuasach scéalta King Night Shift (1978). Ainmníodh an t-úrscéal le haghaidh an World Fantasy Award i 1976[1] agus an Locus Award le haghaidh All-Time Best Fantasy Novel (An t-Úrscéal Fantaisíochta is Fearr Riamh) i 1987.[2]

Dúirt King i ndá agallamh ar leith sna 1980idí go raibh 'Salem's Lot an leabhar is ansa leis as a leabhair ar fad. Ina agallamh Playboy, luaigh an an t-agallóir go raibh sé ar intinn ag King leabhar eile ag leanúint 'Salem's Lot a scríobh,[3] ach dúirt King ar a láithreán gréasáin nach raibh fonn air sin a dhéanamh níos mó toisc gur lean an scéal sa tsraith The Dark Tower i Wolves of the Calla agus Song of Susannah.[4] I 1987 d'inis sé le Phil Konstantin san irisleabhar The Highway Patrolman go bhfuil 'Salem's Lot an scéal is ansa leis toisc na rudaí a deir sé faoi bhailte bheaga, go bhfuil bailte bheaga mar orgánaigh atá ar tí báis anois. Buaileann an scéal i gceart é agus dá bhrí sin tá áit speisialta, fuar ina chroí dó.[5]

Cóiríodh 'Salem's Lot don teilifís i mionsraith dhá chuid 1979 arna stiúradh ag Tobe Hooper, chomh maith le mionsraith teilifíse 2004 arna stiúradh ag Mikael Salomon. Tá cóiriú scannáin lánfhada arna stiúradh ag Gary Dauberman á léiriú faoi láthair.

Tá an leabhar tiomnaithe d'iníon King, Naomi.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ben Mears, údar, tagtha ar ais go Jerusalem's Lot, Maine tar éis cúig bliana is fiche lena chéad úrscéal eile a scríobh. Roimh i bhfad déanann sé caidreamh le múinteoir meán scoile Matt Burke agus tosaíonn sé gaol rómánsúil le Susan Norton, céimí óg leis an mian an bhaile a fhágáil. Tá Ben tar éis teacht ar ais ar an "Lot" chun leabhar faoin Marsten House, atá tréigthe le fada, agus an áit ina raibh eispéireas dona aige mar pháiste nuair a chonaic sé taibhse á chrochadh, a scríobh. Faigheann sé amach go raibh an teach—iartheach an dúnmharfóra ar pá sna 1930idí Hubert "Hubie" Marsten—ceannaithe ag Kurt Barlow, imirceach ón Ostair atá sa Lot chun siopa troscáin sheanda a oscailt. Is cosúil go bhfuil Barlow ar turas ceannaigh fhada; ach amháin níl ach a chomhpháirtí gnó, Richard Straker, riamh feicthe lasmuigh. An fíor ná, áfach, gur vampír seanda é Barlow agus tá Straker a dheamhan coimhdeachta.

Nuair a thagann an bheirt chuig an mbaile téann buachaill óg, Ralphie Glick, ar strae, agus faigheann a Danny, dhá bhliain déag d'aois, bás. Is é Danny an chéad vampír atá athraithe ag Barlow. Athraíonn Barlow feighlí an dumpa baile Dud Rogers agus deisitheoir teileafóin Corey Bryant ina vampírí. Athraíonn Danny daoine eile de mhuintir na háite in a vampírí, reiligire, Mike Ryerson; naíonán nuabheirthe, Randy McDougall; fear darbh ainm Jack Griffen; agus máthair Danny, Marjorie. Teipeann ar Danny a chomhscoláire Mark Petrie a athrú mar chuireann sé i gcoinne trí chros phlaisteach a chur in aghaidh Danny. Chun an scaipeadh vampírí nua a throid téann Ben agus Susan i ngrupa le Matt agus a dhochtúir, Jimmy Cody, chomh maith le Mark agus an sagart áitiúil, Father Callahan. Tá Susan gafa ag Barlow, a aistríonn í. Faoi dheireadh tiomáineann Ben cuaille ina croí.

Nuair a théann Father Callahan agus Mark chuig teach tuismitheoirí Mark chun rabhadh ar bhaol ar thabhairt dóibh, gearrtar an chumhacht agus tagann Barlow i láthair. Tar éis tuismitheoirí Mark a mharú tógann Barlow an buachaill mar ghiall. Déanann Callahan iarracht é a dhíbir trína chross a tharraingt amach, agus éiríonn go maith le seo go dtí go dtugann Barlow a dhúshlán an cros a chaitheamh ar siúl. Níl dótháin creideamh ag Callahan é sin a dhéanamh agus go luath níl sé in ann díbir a chur ar Barlow níos mó agus cuireann sé iallach ar Callahan a fhuil a ól, agus tá sé truaillithe dá bhrí seo. Nuair a déanann Callahan iarracht fill ar an séipéal, baineann turraing leictreach dó, a chuireann bac air siúil isteach. Fágann Callahan Jerusalem's Lot, an cás tugtha suas aige.

Buaileann taom croí Matt fad is atá Jimmy á mharú tar éis dó titim ó staighre agus téann sceana leagtha amach ag na vampírí tríd. Scroiseann Ben agus Mark Barlow, agus tá an t-ádh orthu éalú lena n-anamacha ach caithfidh siad an baile a fhágáil lena vampírí anois gan aon cheannaire. Tagann Ben ar ais an lá dár gcionn chun corpanna tuismitheoirí Jimmy agus Mark a chuir i réiteach taobh thiar áit chonaithe Petrie. Cuireann réamhrá an úrscéil, suite díreach tar eís deireadh an scéil, síos ar eitilt Ben agus Mark trasna na tíre chuig baile cois trá i Meicsiceo, áit a déanann siad iarracht teacht chucu féin ón t-uafás. Glacadh le Mark san Eaglais Chaitliceach ag sagart áitiúil cairdiúil agus admhaíonn sé don chéad uair cad a tharla dóibh. Tugann an t-iarfhocal eolas faoin dís agus iad ag teacht ar ais ar an mbaile bliain níos déanaí, leis an mian athnuachán a dhéanamh ar an troid. Tá fhios ag Ben go bhfuil an iomarca áiteanna ag na vampírí iad féin a cheilt, agus tosaíonn sé tine scrobarnaí sa choill in aice láimhe chun an baile a scriosadh.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ag múineadh cúrsa ar fhantaisíocht agus ficsean eolaíochta do scoláirí i Hampden Academy, thug Dracula inspioráid do King, ceann de na leabhair a clúdaíodh sa rang. Rinne King machnamh ar cad a tharlóidh dá tháinig Dracula ar áis sa 20ú aois, agus is é an smaoineamh seo a spreag dó 'Salem's Lot a scríobh, a bhí Second Coming air i dtosach. Cé gur chinn King an teideal Second Coming a chur ar an urscéal i dtosach, d'athraigh sé an teideal ar chomhairle a bhean chéile, úrscéalaí Tabitha King, toisc gur cheap sí gur chlois Second Coming ar nós scéal earótach dona. Ghiorraigh foilsitheoirí King an teideal go 'Salem's Lot mar cheap siad go samhlaítear religiúin le Jerusalem's Lot. Cheannaigh foilisitheoirí clúdaigh bhoig King an leabhar le haghaidh $550,000.


Leathnaíonn King an smaoineamh de vampír sa 20ú haois amach ina aiste le haghaidh Adeline Magazine, "On Becoming a Brand Name" (Feabhra 1980): "I began to turn the idea over in my mind, and it began to coalesce into a possible novel. I thought it would make a good one, if I could create a fictional town with enough prosaic reality about it to offset the comic-book menace of a bunch of vampires." (Thosaigh mé ag déanamh machnamh ar an tsmaoineamh, agus thosaigh sé ag teacht le chéile mar úrscéal. Cheap mé go mbeadh an úrscéal go maith, más rud é go mbeadh mé in ann baile ficseanúil le dóthain fírinne leamh ann a chruthú, chun cúiteamh a dhéanamh ar an léargas coitianta de vampírí atá bagrach agus fantaiseach.) Fuair King ionsparáid ó rudaí a tharla roimh Dracula freisin, áfach. I Danse Macabre, achoimre ar an séanra nua-uafáis, cuimhníonn King ar bhrionglóid a bhí aige agus é ocht mbliana d'aois. Sa bhrionglóid, chonaic sé corp fir chrochta ar liobarna ó scafalra ar chnoc. Déanann King cur síos ar an gcorp, deir sé go raibh comhartha le ROBERT BURNS scríofa ar ar an gcorp ach nuair a chas an corp de bharr na gaoithe chonaic sé a aghaidh féin - á lobhadh. D'oscail an corp a shúile agus d'fhéach sé ar King. Dhúisigh King agus é ag screadaíl. Sé bliana déag níos déanaí bhí King in ann an bhrionglóid seo a úsáid mar cheann de na híomhanna lárnacha san úscéal 'Salem's Lot, ach d'athraigh sé ainm an marbhán go Hubie Marsten.

Scríobh King faoi Jerusalem's Lot den chéad uair sa ghearrscéal "Jerusalem's Lot", scríofa agus é sa choláiste, ach níor foilsíodh é go dtí bliain ina dhiaidh i gcnuasach gearrscéalta Night Shift. I mír 1969 de cholún "The Garbage Truck" a scríobh King le haghaidh nuachtáin University of Maine, thug sé leid go raibh 'Salem's Lot le teacht: "In the early 1800s a whole sect of Shakers, a rather strange, religious persuasion at best, disappeared from their village (Jeremiah's Lot) in Vermont. The town remains uninhabited to this day."[6]

Bhí tionchar ag polaitíocht an ama ar scríbhneoireacht King agus é ag scríobh an scéil. Bhí caimiléireacht an rialtais ionsporáid suntasach don scéal. Deir sé,

I wrote 'Salem's Lot during the period when the Ervin committee was sitting. That was also the period when we first learned of the Ellsberg break-in, the White House tapes, the connection between Gordon Liddy and the CIA, the news of enemies lists, and other fearful intelligence. During the spring, summer and fall of 1973, it seemed that the Federal Government had been involved in so much subterfuge and so many covert operations that, like the bodies of the faceless wetbacks that Juan Corona was convicted of slaughtering in California, the horror would never end ... Every novel is to some extent an inadvertent psychological portrait of the novelist, and I think that the unspeakable obscenity in 'Salem's Lot has to do with my own disillusionment and consequent fear for the future. In a way, it is more closely related to Invasion of the Body Snatchers than it is to Dracula. The fear behind 'Salem's Lot seems to be that the Government has invaded everybody. [7]

Scríobh mé 'Salem's Lot sa tréimhse ina raibh an coiste Ervin ag suí. Bhí sin an am nuair a fuaireamar amach faoin mbris isteach Ellsberg, téipeanna an Tí Bháin, an nasc idir Gordon Liddy agus an CIA, liostaí naimhde, agus faisnéis eaglach eile. Le linn an earraigh, an tsamhraidh agus an fhómhair i 1973, is ar nós go raibh an Rialtas Feidearálach i mbun caimiléireachta agus oibríochtaí rúnda, ar nós corpanna na "wetbacks" anaithnide a bhí Juan Corona ciontaithe as a mharú i California, agus nach mbeadh deireadh leis an uafás riamh. Tá gach úrscéal mar phortráid shíceolaíoch neamhbheartaithe den úrscéalaí go pointe áirithe, agus measaim go bhfuil baint ag an ghraostacht bharbartha i 'Salem's Lot le mo dhíoma agus m'fhaitíos féin don todhchaí. Ar slí éigean, tá gaol níos laidre aige le Invasion of the Body Snatchers ná mar atá aige le Dracula. Is ar nós gurb é an fhaitíos a mhusclaíonn 'Salem's Lot ná go bhfuil an Rialtas tar éis brú isteach ar gach duine.

Eagrán maisithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2005, d'eisigh Centipede Press eagrán teoranta sómasach 'Salem's Lot le grianghraif dubh agus bán le Jerry Uelsmann, chomh maith le dhá ghearrscéal "Jerusalem's Lot" agus "One for the Road", agus níos mó ná 50 leathanach d'ábhar scriosta. Níor eisíodh ach 315 cóip den leabhar, iad ar fád sínithe ag Stephen King agus Jerry Uelsmann. Priontáladh an leabhar ar pháipéar 100# Mohawk Superfine, 9 x 13 orlach (23 cm x 33 cm) a bhí sa pháipéar, bhí sé thar 4 1/4 orlach ar tiús, agus bhí an leabhar trí phunt déag meacháin. Bhí leabharmharc ribín, barrbhandaí agus bunbhandaí, agus cáschlúdach ag an leabhar, agus é déanta as éadach. Éisíodh 600 cruachóip de leagan gan síniú níos déanaí. Bhí an leagan sínithe agus an leagan gan síniú díolta amach araon.[8] In agallamh le Fine Books & Collections dúirt King go raibh an t-eagrán fóilió maisithe dá 'Salem's Lot go hálainn.[9] Éisíodh leagan trádála níos déanaí.

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chnuasach gearrscéil A Century of Great Suspense Stories, luaigh eagarthóir Jeffery Deaver go raibh King freagracht as:

singlehandedly made popular fiction grow up. While there were many good best-selling writers before him, King, more than anybody since John D. MacDonald, brought reality to genre novels. He's often remarked that 'Salem's Lot was 'Peyton Place meets Dracula,' and so it was. The rich characterization, the careful and caring social eye, the interplay of story line and character development announced that writers could take worn themes such as vampires and make them fresh again.[10]

ficsean a bhfuil tóir air a fhorbairt. Cé go raibh a lán údáir sárdhíola mhaithe roimhe, chuir King, níos mó ná éinne ó John D. MacDonald, fírinne in úscéalta seanrá. Dúirt sé go minic gur 'Peyton Place meets Dracula' a bhí i 'Salem's Lot agus sin a bhí ann. D'fhógair an charachtracht shaibhir, an léargas cúramach agus comhbhách ar an bpobal, agus an t-idirghníomhú idir scéal agus forbairt pearsantachta go raibh údáir in ann téamaí traochta ar nós vampírí a thógáil agus beatha nua a thabhairt dóibh.

Cóirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannánaíocht agus teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1979, cóiríodh 'Salem's Lot don teilifís i mionsraith dhá chuid den ainm céanna a craoladh ar CBS. Bhí an phríomhpháirt ag David Soul mar Bean Mears, agus ainmníodh an mionsraith le haghaidh trí Primetime Emmy Awards agus Edgar Award.[11] Rinneadh scannanú air i Ferndale, California.[12] Eisíodh leagan giorraithe dhá uair an chloig i roinnt pictiúrlanna i dtíortha áirithe.

I 1987, stiúir Larry Cohen an scannán A Return to Salem's Lot.[13] Margaíodh é mar leanúint ar an mionsraith 1979, agus níl aon de na buncharachtair sa scannán cé go úsáideann siad an íomha de Barlow ón leagan 1979 ar an bpostaer.

I 2004, rinne TNT cóiriú teilifíse nua de 'Salem's Lot a chraoladh den chéad uair, le Rob Lowe mar Ben Mears, agus ainmníodh an cóiriú seo le haghadh Primetime Emmy chomh maith. [14]

I 2018, craoladh an t-ochtú eipeasóid den tsraith teilifíse Castle Rock (bunaithe ar an mbaile ficseanúil cruthaithe ag King) dar teideal "Past Perfect", a léirigh stad bus i Jeruslalem's Lot go hachomair. Thug comhartha tráchta le fios go raibh an baile lonnaithe 24 míle ó Castle Rock. [15] Tá an Marsten House sa dara séasúr den clár.

Tá an clár teilifíse Chapelwaite, ina bhfuil páirt ag Adrien Brody agus Emily Hampshire, bunaithe ar an ngearrscéal "Jerusalem's Lot," réamhscéal 'Salem's Lot lonnaithe sa 19ú hAois.

Fógraíodh cóiriú scannáin de 'Salem's Lot, ó New Line Cinema, i mí Aibreáin 2019, arna scríobh agus arna stiúradh ag Gary Dauberman, agus James Wan mar léiritheoir.[16][17] Thosaigh an scannánú i mBostún i mí Mheán Fómhair 2021. Tá páirt Ben Mears ag Lewis Pullman,[18] agus Spencer Treat Clark agus Makenzie Leigh ina gcomhrealtaí ann mar Mike Ryerson agus Susan Norton faoi seach. I dtosach bhí sé ar intinn dóibh an scannán a chur amach i mí Mheán Fómhair, 2022, ach cuireadh siar an eisiúint go dtí mí Aibreáin, 2023 roimh a tharraingíodh an scannán amach as sceideal eisiúna Warner Bros go brách.[19]

Raidió[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cóiríodh an t-úrscéal le haghaidh an raidió sa Ríocht Aontaithe ar BBC Radio 4 i 1995.[20]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1976 Award Winners & Nominees" (en). Worlds Without End. Dáta rochtana: 2023-04-01.
  2. "Title: 'Salem's Lot". isfdb.org. Dáta rochtana: 2023-04-01.
  3. "Playboy Philippines". web.archive.org (2013-12-03). Dáta rochtana: 2023-04-01.
  4. "Stephen King | Frequently Asked Questions" (en). stephenking.com. Dáta rochtana: 2023-04-01.
  5. ""An Interview with Stephen King"- by Phil Konstantin". web.archive.org (2014-04-12). Dáta rochtana: 2023-04-01.
  6. "The Stephen King Companion" Beahm, George Andrews McMeel press 1989, p. 267
  7. "The Fright Report", Oui Magazine, Eanáir 1980, lch. 108
  8. "Salem’s Lot". www.centipedepress.com. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  9. Goodman, Richard (July–August 2006). "Centipede Press". Fine Books & Collections: 20–21.
  10. A Century of Great Suspense Stories, curtha in eagar ag Jeffrey Deaver [Lth. 290]/Foilsitheoir: Berkley Hardcover (2001)
  11. "Salem's Lot - IMDb" . 
  12. "Filmography | Film Humboldt-Del Norte". hdnfc.org. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  13. "A Return to Salem's Lot (1987) - IMDb" (as en-US) . 
  14. "Salem's Lot - IMDb" . 
  15. John Squires (2018-08-30). "You May Have Missed It, But “Castle Rock” Briefly Took Us Into Salem’s Lot This Week" (en-US). Bloody Disgusting!. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  16. Borys Kit (2019-04-23). "James Wan, Gary Dauberman Tackling Stephen King’s Vampire Tale ‘Salem’s Lot’" (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  17. Borys Kit (2020-04-10). "‘Annabelle Comes Home’ Filmmaker Gary Dauberman to Direct Stephen King’s Vampire Tale ‘Salem’s Lot’ (Exclusive)" (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  18. Borys Kit (2021-08-27). "Stephen King Adaptation ‘Salem’s Lot’ Finds Its Lead in Lewis Pullman (Exclusive)" (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  19. Anthony D'Alessandro (2022-07-11). "Theatrical Release Of Stephen King Pic ‘Salem’s Lot’ Moves From Post Labor Day To Spring 2023; ‘House Party’ Undated On HBO Max" (en-US). Deadline. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  20. Joshi, S. T. (2010). Encyclopedia of the Vampire. p. 271.

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]