Ón Taobh Istigh
Cineál | saothar scríofa |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Jake Mac Siacais |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 2020 |
Scríobh Jake Mac Siacais, poblachtánach mór le rá i mBéal Feirste an leabhar seo Ón Taobh Istigh faoi imeachtaí ina shaol a chuaigh i gcion go mór air. Cad é a d'itheadh cimí poblachtánach do dhinnéar na Nollag? Cén bhaint a bhí ag blas Bhéarla Dheisceart Dhoire ar thús lochtach ar an agóid shalach? Cad chuige a bhfuil an Bíobla léite ó chlúdach go clúdach cúig huaire ag an údar, aindiachaí ó bhí sé sna déaga? Tá na freagraí — agus a lán, lán eile — sa leabhar spleodrach spéisiúil spreagúil seo a thugann léargas cuimsitheach ón taobh istigh dúinn ar ghluaiseacht na poblachta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge araon.
Sna blianta a chaith an t-údar Mac Siacais 'faoi ghlas ag Gall', tharla cuid de na heachtraí is mó a mhúnlaigh an treo a ghlacfadh Óglaigh na hÉireann agus Sinn Féin i leith na coimhlinte ó thuaidh, mar atá, agóid na pluide, an agóid shalach agus na stailceanna ocrais. Ní hé go raibh na himeachtaí sin ag titim amach thart timpeall ar an údar; bhí ról measartha lárnach aige iontu.
Feirsteach go smior é an t-údar, ach - ar chúiseanna áirithe - tá cuid mhór den tír agus den domhan siúlta aige. Tá tuiscint ghrinn aige ar mheon an duine dá bharr, tuiscint a d'fhás nuair a tháinig dúlagar air sna blianta beaga sular scríobh sé an leabhar. Mar an gcéanna leis na hábhair eile a dtráchtann sé orthu sa leabhar, tá a insint ar a streachailt a bhí aige féin leis an mhadadh dubh eolasach, suntasach agus, thar aon rud eile, ionraic.
Rugadh Jake Mac Siacais i mBéal Feirste i 1958. Fear pósta é agus tá cúigear de mhuirear aige féin agus ag Chrissie. Seo an chéad leabhar uaidh.
Eolas eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a d’fhoilsigh an leabhar sa bhliain 2020 agus tá 164 leathanach ann.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Northern Visions Archive Curtha i gcartlann 2020-11-12 ar an Wayback Machine
- Coiscéim
- An Siopa Leabhar