Áiteanna Chun Athraithe (feachtas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaÁiteanna Chun Athraithe

Is cuibhreannas agus feachtas Briotanach é Áiteanna Chun Athraithe (ÁCA) (Breatnais: Toiled Lleoedd Newid) a bhfuil mar aidhm aige áiseanna inrochtana leithris a fheabhsú. Coinníonn sé liosta leithris a chomhlíonann a riachtanais — ó Mhárta 2020, bhí 1460 cláraithe.[1] I measc na suíomhanna tá 100 ollmhargadh Tesco, agus Túr Londain.[2][3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh cuibhreannas ÁCA sa bhliain 2005.[4]

In 2019, sheol Rialtas na hAlban comhairliúchán ar athruithe ar rialacha pleanála ina dtabharfaí isteach riachtanais maidir le hÁCA.[5]

Ó 2021, beidh sé éigeantach i Sasana go n-áireofaí go leor foirgneamh nua le saoráid ÁCA. Fógraíodh freisin go mbeadh saoráidí ÁCA suiteáilte ag 37 seirbhís mótarbhealaigh, rud a chiallódh go mbeidh saoráid ÁCA ag 87 as 118 seirbhís i Sasana.[6]

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an cuibhreannas nach gcomhlíonann leithris caighdeánacha inrochtana na riachtanais atá ag thart ar 250,000 duine faoi mhíchumas sa Ríocht Aontaithe agus tá liosta riachtanas cruthaithe aige maidir le saoráid ÁCA. Ina measc seo tá íosachar don tsaoráid, ardaitheoir, binse athraithe, agus cuirtíní.[7]

Is féidir léarscáil d'áiseanna ÁCA a fheiceáil ar shuíomh gréasáin an chuibhreannais, agus is féidir léirmheasanna a scríobh trí aip.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Government's response to the consultation on changing places toilets”. Ministry of Housing (9 Meán Fómhair 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-12. Dáta rochtana: 16 Samhain 2020.
  2. Tesco installs 100th Changing Places facility in Watford to help disabled shoppers.”. Tesco (3 December 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-24. Dáta rochtana: 23 February 2021.
  3. Tower of London is oldest UK building with a Changing Places facility” (en-GB). Access Association (2021-11-21). Dáta rochtana: 2021-02-23.
  4. Fi Anderson (2019-11-19). “Revolutionary New App for Changing Places Users!” (en-GB). Life Of An Ambitious Turtle. Dáta rochtana: 2020-11-16.
  5. Ekklesia | Scottish Government launches Changing Places consultation” (en). www.ekklesia.co.uk (2019-02-18). Dáta rochtana: 2020-11-16.
  6. [Changing Places toilets for disabled people to be compulsory]
  7. Changing Places toilets for disabled people to be compulsory
  8. New App for Changing Places Users![nasc briste go buan]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]