¡Y tenía corazón! (Anatomía del corazón)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéireacht le toisí 177 x 291 ceintiméadar déanta ag Enrique Simonet is ea  ¡Y tenía corazón! (Gaeilge:Agus bhí croí aici!), ar a dtugtar freisin Anatomía del corazónLa autopsia (Gaeilge:Anatamaíocht an chroíAn uatóipse).

Péinteáladh é sa bhliain 1890, le linn do Simonet fanacht sa Róimh, agus é ag saothrú a chuid staidéir i scoil chónaithe idir 1888 agus 1892, san Academia Española de Bellas Artes de Roma. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé san Museo de Arte Moderno (nach bhfuil ann anois, mar gur cónascadh é leis an Museo del Prado). Bhronn an Museo del Prado an pictiúr ar an Museo de Bellas Artes de Málaga (an Museo de Málaga mar atá anois ann), ar an 13 Feabhra, 1931, agus d'fhan sé ann ó shin.[1]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirítear sa phictúir seo tá cróinéir i mbun oibre ar bhean a luíonn ar bhord, agus is bean sráide mar dhea í. D'fhéadfaí teacht ar an bhfíoras seo mar gur striapacha iad an chuid is mó de na corpáin a fuarthas san Tibir agus bhí comhcheangal ag baint le gruaig rua agus gairm bheatha na striapach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Museos de Andalucia". Dáta rochtana: 2024-01-17.
  2. Teimpléad:Cita noticia