Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Cumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Spreagann an '''Irish Studies Association of Australia and New Zealand''' ('''ISAANZ''') (''Cumann Léinn Éireannaigh na hAstráile agus na Nua-Shéalainne'') a chuid ...'
(No difference)

Leagan ó 06:56, 31 Eanáir 2012

Spreagann an Irish Studies Association of Australia and New Zealand (ISAANZ) (Cumann Léinn Éireannaigh na hAstráile agus na Nua-Shéalainne) a chuid ball chun staidéar a dhéanamh ar Éirinn agus ar shliocht na nÉireannach san Astráile, sa Nua-Shéalainn agus i dtíortha eile trí eolas agus scéala a chur á spré ina measc.

Tá na rudaí a leanas ar fáil ag na baill:

Cóip bhliantúil den Australasian Journal of Irish Studies
Nuachtlitreacha
Eolas ar ócáidí léinn Éireannaigh ar fud na hAstráile

Australasian Journal of Irish Studies (AJIS)

Thugtaí Australian Journal of Irish Studies ar an AJIS agus leantar fós den sean-uimhriú. Iris bhliantúil phiarmheasúnaithe acadúil is ea Iris Astraláiseach an Léinn Éireannaigh agus ábhar de chuid na Nua-Shéalainne inti anois.

Tá ailt ar chúrsaí staire, litríochta, polaitíochta, scannánaíochta, drámaíochta agus creidimh san iris. Tá fáilte ar leith aici roimh ailt a bhfuil buntaighde ar Éireannaigh na Nua-Shéalainne iontu.

Comhdhálacha

Bíonn comhdhálacha Astraláiseacha Léinn Éireannaigh ar siúl gach dhá bhliain faoi choimirce ISAANZ.

Bhí an chéad cheann ann sa bhliain 1981, agus tá cúig cheann déag eile reachtálaithe ó shin i leith. Tá roinnt de na páipéir le fáil i sraith na "Irish-Australian Conference Proceedings" agus san AJIS. Tháinig dhá alt thabháchtacha bhibleagrafacha ó lámh an Dr Val Noone ar an ábhar seo: "Nine Irish-Australian Conference Publications: Content and Context"[1] agus "Recent Australian Irish research papers, 1998-2007"[2]

Tagairtí

Naisc sheachtracha