Is cathair suite i stát Jalisco, i Meicsiceo í Tlaquepaque . I ndaonáireamh na bliana 2010, bhí 575,942 duine ina gcónaí ann. Tá an chathair suite lámh le Guadalajara agus áirítear í mar chuid den mhórcheantar uirbeach úd. Baineann an t-ainm Tlaquepaque leis an bhfocal i Nahuatl ar chré. Tá cáil ar Tlaquepaque mar gheall ar na hearraí potaireachta agus gloine shéidte a tháirgtear ann.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.