Robert Anson Heinlein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Anson Heinlein

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Iúil 1907
Butler, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1988
80 bliana d'aois
Carmel-by-the-Sea, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Cabhlaigh na Stát Aontaithe - innealtóireacht (1925–1929) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheColorado Springs
Santa Cruz
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmscríbhneoir, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir scripte, oifigeach cabhlaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1939 –  8 Bealtaine 1988
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFicsean eolaíochta, fantaisíocht, ficsean eolaíochta míleata agus ficsean óg
Ainm cleiteAnson MacDonald
Caleb Saunders
John Riverside
Lyle Monroe
Simon York Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileVirginia Heinlein (1948–1988) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0374423 Allmovie: p169452 TV.com: people/robert-a-heinlein
Musicbrainz: 1e412c6f-0430-45ad-8f41-a33459f3c1e6 Discogs: 2538633 Find a Grave: 9169982 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Robert Anson Heinlein, nó Robert A. Heinlein mar is fearr atá aithne ag an saol mór air, ar dhuine de chlasaicigh an fhicsin eolaíochta ó lár na fichiú haoise ar aghaidh. Chuir sé béim ar leith ar an innealtóireacht agus ar an teicneolaíocht mar chuid den scéalaíocht, ach san am céanna, rinne sé iarrachtaí dúthrachtacha le cur le feabhas an chineál seo scríbhneoireachta mar litríocht.

Nuair a bhí sé óg, thacaigh sé le Nua-Bheartas Franklin Delano Roosevelt, ach faoi thionchar na heagla a chuir an tAontas Sóivéadach ar mhuintir na Stát Aontaithe i rith na gcaogaidí, chuaigh sé i bhfad ar deis agus chun míleatachais ina chuid tuairimí. Ina lán leabhar dár scríobh sé, thug sé le tuiscint nach raibh meas an mhadra aige ar aon fhear a dhiúltódh do ghunna a láimhseáil. Mar sin, bhí sé ina ábhar mór conspóide ag an nglúin de scríbhneoirí ficsin eolaíochta a tháinig ar an bhfód i ndiaidh na seascaidí.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Robert Anson Heinlein ar an 7ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 1907 do Rex Ivar agus Bam Lyle Heinlein i mButler, Missouri. Cuntasóir ab ea a athair, agus chaith sé blianta a chéad óige in Kansas City, Missouri, agus cónaí ar an seachtar acu i dteach dhá sheomra codlata. Chuaigh dearcadh agus luachanna na timpeallachta seo go mór mór i bhfeidhm ar Heinlein, ach, san am céanna, chuaigh sé chun ceannairce ar a moráltacht agus ar a béasaíocht ar go leor bealaí ina chuid scríbhneoireachta agus ina shaol féin. D'fhreastail sé ar Acadamh Cabhlaigh na Stát Aontaithe agus chaith sé seal ar fiannas ina oifigeach cabhlaigh.

Níl mórán eolais ann i dtaobh a chéad phósta. Rinne sé athphósadh ar Leslyn Macdonald sa bhliain 1932. Bhí dearcadh radacach go maith ag Leslyn i gcúrsaí polaitíochta, agus níor thaise dá fear céile san am, de réir mar is cuimhin lena chomhscríbhneoir ficsin eolaíochta, Isaac Asimov. Sna blianta 1933-1934, bhí Heinlein ar fiannas ar bhord an USS Roper (DD-147), agus bhain sé amach céim an leifteanant. Sa bhliain 1934, áfach, fuair Heinlein dealú ón gcabhlach ar chúiseanna sláinte, ó bhí eitinn na scamhóg tolgtha aige.

1929 Naval Academy

Chaith sé tréimhse fhada ag éileamh san ospidéal. San am sin, rith smaoineamh na leapa uisce leis roimh aon duine eile, agus thug sé cur síos ar an sás seo ina úrscéal Beyond This Horizon, ina dhiaidh sin. An duine a thóg an chéad leaba uisce, níor éirigh leis, mar sin, cearta paitinne a bhaint amach dá fhionnachtain, ó thrácht Heinlein uirthi i bhfad roimhe, cé nach ndearna an scríbhneoir aon iarracht riamh leaba uisce a thógáil. - An saoldearcadh a bhí ag Heinlein agus é ag scríobh a chuid leabhar, fáisceadh cuid mhór de as saol na bhfórsaí armtha, nó bhí an-urraim ag Heinlein riamh d'idéil na míleatachta, ar nós na dílseachta agus na ceannaireachta.

I ndiaidh scor a fháil ón gcabhlach, d'fhreastail Heinlein ar chúrsaí matamaitice agus fisice in Ollscoil California i Los Angeles (UCLA), ach d'éirigh sé as go sciobtha. Bhí an drochshláinte ag luí air, b'fhéidir, ach is dócha go raibh níos mó suime aige i bpolaitíocht, i ndiaidh an iomláin. Is iomaí cineál jabanna a bhí aige le bia is beatha a choinneáil leis, ar nós eastát réadach agus mianadóireacht airgid ghil. I dtús na dtríochaidí, bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Shóisialach úd "EPIC" ("End Poverty in California" - Cuir Deireadh le Bochtanas i gCalifornia) a bhí bunaithe ag Upton Sinclair, an scríbhneoir Sóisialach. Nuair a bhí Sinclair ag iarraidh Gobharnóireacht California a bhaint amach i dtoghcháin na bliana 1934, ghlac Heinlein páirt ghníomhach san fheachtas nach raibh rath air sa deireadh. Bhí Heinlein féin ag iarraidh suíochán a bhaint amach i gComhthionól Stáit California, ach níor éirigh leis.

Robert A. Heinlen (ar clé) le L. Sprague de Camp agus Isaac Asimov i Pennsylvania 1944

Ina dhiaidh sin, choinnigh Heinlein blianta a Shóisialachais faoi rún, agus má thrácht sé orthu, ní bhíodh sé róshoiléir ina chuid tagairtí. Sa bhliain 1954, scríobh sé: "Is iomaí Meiriceánach a chuir i leith an tSeanadóra McCarthy go raibh sé i ndiaidh 'ríocht an sceimhle' a chur ar bun sa tír. An bhfuil tusa sceimhlithe? Níl mise, cé go raibh mé i bhfad ar clé ó McCarthy, lá de mo shaol."

Bhí pinsean easláinte aige ón gcabhlach, rud a d'fhág airgead éigin aige, ach i ndiaidh an fheachtais toghchánaíochta, chrom sé ar an scríbhneoireacht lena mhorgáiste a íoc. Sa bhliain 1939, d'fhoilsigh sé an chéad ghearrscéal leis, Life-Line, ar an iris úd Astounding Science-Fiction. Ar ball beag, bhí meas mór air mar dhuine acu siúd a bhí i dtús cadhnaíochta ag tabhairt gné nua na "sochúlachta" isteach san fhicsean eolaíochta. Thosaigh sé ag cur a luathscéalta in oiriúint do "stair na todhchaí", cineál léarscáil don todhchaí mar a shamhlaigh sé dó féin í, agus na himeachtaí sna scéalta éagsúla ag teacht le chéile de réir na léarscáile seo. In eagrán Mhí na Bealtaine, 1941, tháinig an léarscáil seo i gcló ar an iris Astounding, faoi phríomheagarthóireacht John W. Campbell, agus hathfhoilsíodh í sa díolaim The Past Through Tomorrow.

1953

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina innealtóir aerloingseoireachta don chabhlach, agus d'earcaigh sé Isaac Asimov agus L. Sprague de Camp le haghaidh mhonarcha aerárthaí an chabhlaigh. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh sa bhliain 1945, thosaigh sé ag athmheasúnú a raibh déanta aige go dtí sin. I bhfianaise an dóigh a ndeachaigh buamálacha adamhacha Hiroshima agus Nagasaki i bhfeidhm air, chomh maith le tús an Chogaidh Fhuair, chinn sé ar ailt neamhfhicseanúla a scríobh faoi cheisteanna polaitíochta, agus san am céanna, theastaigh uaidh geiteo an fhicsin eolaíochta a thréigean le freastal ar mhargaí a mbeadh níos mó airgid iontu. Chum sé ceithre scéal a raibh an-tionchar acu don Saturday Evening Post, go háirithe The Green Hills of Earth, gearrscéal rómánsúil faoi fhile dall ar bhord an spásárthaigh. Ba eisean an chéad scríbhneoir ficsin eolaíochta ar éirigh leis a chuid saothair a fhoilsiú ar irisí eile seachas na cinn a bhí dílsithe don tseánra liteartha seo amháin. Scríobh sé plota, cnámha scéil agus script don dráma faisnéise Destination Moon, scannán a bhain amach duais Acadaimh ("Oscar") as ucht na maisíochta. Ní ba thábhachtaí fós, chrom sé ar shraith d'úrscéalta don aos óg a chumadh don teach foilsitheoireachta úd Scribner, sraith a mhair thar na caogaidí ar fad.

Sa bhliain 1947, fuair Heinlein colscaradh óna bhean chéile Leslyn. An bhliain a bhí chugainn, phós sé an tríú bean chéile aige, Virginia "Ginny" Gerstenfeld, agus ba é an pósadh deireanach é, nó bhí sé pósta uirthi i gcónaí ar lá a bháis, dhá scór bliain ina dhiaidh sin. Is minic a chastar mná éirimiúla neamhspleácha ar an léitheoir i saothar Heinlein, agus is léir gurbh ise a bhí ina bunchuspa do chuid mhaith acu. Sna blianta 1953-1954, chuaigh an lánúin ar turas timpeall an domhain, turas a thug an mianach don leabhar Tramp Royale, nár foilsíodh ach sa bhliain 1992, ceithre bliana i ndiaidh bhás an scríbhneora. Agus é ag scríobh a úrscéil Podkayne of Mars, ina dtugtar tuairisc ar an saol ar bhord spásárthaigh, is léir gur minic a tharraing Heinlein ar an taithí a fuair sé ar an taisteal ar bhord long paisinéireachta ansin. Faoin am seo, bhí dearcadh polaitiúil an scríbhneora ag athrú ón eite chlé go dtí an eite dheas, agus is é an tuairim a bhí ag Isaac Asimov gurbh í Ginny ba chúis leis sin. Bhunaigh an lánúin an eagraíocht úd Patrick Henry League, a bhí ag éileamh nach gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na tástálacha adamhacha. Nuair a chuir Páirtí Poblachtánach na Stát Aontaithe Barry Goldwater chun tosaigh mar iarrthóir Uachtaránachta sa bhliain 1964, ghlac Heinlein páirt ghníomhach san fheachtas. Sa leabhar úd Tramp Royale, freisin, chosain an scríbhneoir feachtas frith-Chumannach an tSeanadóra McCarthy. Mar sin féin, is deacair a rá, ar tháinig athrú bunúsach ar a shaoldearcadh, cé gur athraigh a dhearcadh polaitiúil. Tar éis an tsaoil, liobraí ab ea Heinlein ar go leor bealaí, agus is deacair idé-eolaíocht shain-Mheiriceánach an liobrachais a aicmiú ar an eite chlé nó ar an eite dheas. Thairis sin, íolbhristeoir a bhí ann riamh a d'fhéadfadh seasamh a ghlacadh beag beann ar an bpacáiste de thuairimí coinbhinsiúnacha polaitíochta a bhíonn ag dul le hidé-eolaíocht ar leith. Scéal eile ar fad é chomh soiléir agus atá sé go raibh sé faoi thionchar Ginny i gcúrsaí litríochta agus eolaíochta. Ise ba thúisce a léadh a chuid lámhscríbhinní, agus an chuma ar an scéal go raibh sí ní b'fhearr mar innealtóir ná Heinlein féin.

Is dócha gurb iad na húrscéalta don aos óg an chuid is tábhachtaí de shaothar Heinlein, nó chuir siad bun le glúin léitheoirí a bhí meabhrach ar chúrsaí eolaíochta agus sochaí. Tharraingíodh sé ar thobar na toipiciúlachta riamh, ach sa bhliain 1959, nuair a thairg sé Starship Troopers, an t-úrscéal faoi shaol an tsaighdiúra sa todhchaí, do Scribner mar lón léitheoireachta do na hóga, ní bhfuair sé ach an dubheiteach. Ansin, chonacthas do Heinlein go mbeadh sé chomh maith aige "mo chuid scríbhinní féin a chumadh mar is rogha liom féin" agus dearmad a dhéanamh de na srianta a bhain leis an scríbhneoireacht don aos óg. Ansin, scríobh sé sraith leabhar a shín amach teorainneacha an fhicsin eolaíochta, ar nós Stranger in a Strange Land (1961) a fuair aitheantas i bhfad taobh amuigh de lucht léite an fhicsin eolaíochta, agus The Moon is a Harsh Mistress (1966), arbh é an t-úrscéal ab fhearr a scríobh sé riamh, dar le go leor.

Ón mbliain 1970 i leith, áfach, thosaigh a shláinte ag luí ar an scríbhneoir, agus an tsíorobair scríbhneoireachta ag méadú ar an bhfadhb. I dtús na seachtóidí, d'fhág babhta dainséarach peireatóinítis ag éileamh ar feadh dhá bhliain é. Nuair a tháinig sé chuige arís, áfach, chrom sé ar Time Enough for Love (1973) a scríobh, úrscéal a chuir os comhair na léitheoirí Lazarus Long, duine de laochra dodhearmadta Heinlein: an fear is fadsaolaí san ollchruinne. San úrscéal seo, chardáil Heinlein na téamaí a bhí le dul chun ardtábhachta sa chuid ba deireanaí dá shaothar. I lár na seachtóidí, chum sé dhá alt don Britannica Compton Yearbook. Thaistil seisean agus Ginny fud fad na tíre le deontóireacht na fola a eagrú sna Stáit Aontaithe. Nuair a cóiríodh Feis Dhomhanda an Fhicsin Eolaíochta an tríú huair ar fad, in Kansas City, Missouri, sa bhliain 1976, fuair sé fáilte an chuairteora oinigh ansin. Sa bhliain 1977, buaileadh é le taom ioscaemach, an cineál taom a thagann go minic ar dhaoine roimh an stróc. Ba é an t-artaire caratach ba chúis leis an taom seo, agus é ag éirí blocáilte. Sa bhliain 1978, chuaigh sé faoi scian an dochtúra le haghaidh máinliacht seach-chonaire, agus bhí sé ar dhuine de na chéad daoine riamh a fuair an cineál seo máinliachta ar an artaire caratach. Sa bhliain chéanna, thug sé fianaise do Chomhchoiste Theach na bhFeisirí agus an tSeanaid faoi chomh húsáideach agus a bhí seachtháirgí na spásteicneolaíochta is na spásaireachta ag teacht isteach acu siúd a raibh an aois agus an tsláinte ag luí orthu. Chuir an mháinliacht beo nua sa scríbhneoir, agus chum sé cúig úrscéal nua ón mbliain 1980 ar aghaidh. Fuair sé bás ina chodladh dó le heimfiséime agus le cliseadh plúch-chairdiach ar an ochtú lá de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1988. Bhí sé díreach ag iarraidh a chuid sean-nótaí a chur le chéile le húrscéal nua den chineál ar a dtugtar "úrscéalta pandiacha sóilipseacha" Tháinig cuid mhaith leabhar neamhfhoilsithe le Heinlein i gcló i ndiaidh a bháis.


Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaothar, 1939–1960[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor foilsíodh an chéad úrscéal le Heinlein, For Us, The Living: A Comedy of Customs (críochnaithe sa bhliain 1939) riamh roimh bhás an scríbhneora, ach sa bhliain 2003, cuireadh an lámhscríbhinn i gcló. Níl mórán maithe ann mar úrscéal, ós rud é nach úrscéal atá ann ach léachtóireacht faoi theoiricí an scríbhneora i dtaobh na sochaí. Mar sin féin, is díol suime é agus an léargas a thugann sé ar an dóigh ar fhorbair smaointeachas radacach Heinlein i dtaobh an duine mar ainmhí sóisialta, go háirithe an seasamh a ghlac sé i bhfách leis an tsaoirse chollaí. Is féidir fréamhacha go leor téamaí dá chuid a aithint sa leabhar seo.

Dealraíonn sé go raibh Heinlein ag iarraidh na hidéil seo a chomhlíonadh ina shaol féin, fiú sna tríochaidí, agus gur fhág seisean agus an dara bean chéile a bhí aige, Leslyn, cead mídhílseachta dá chéile i gcúrsaí craicinn a fhad is a bhí siad pósta. Nochtaí a bhí ann freisin, agus is minic a chardálann sé cúrsaí an nochtachais ina chuid saothair. Nuair a bhí an Cogadh Fuar i mbarr a olcais, thóg sé foscadh buamála faoina theach, cosúil leis an gceann ar ar thrácht sé ina úrscéal Farnham's Freehold.

I ndiaidh For Us, The Living, chrom sé ar na gearrscéalta agus na húrscéalta a scríobh a bhaineann leis an Stair Todhchaí a bhí leagtha amach aige, agus na hathruithe polaitiúla, cultúrtha agus teicneolaíocha ag teacht sna sálaí ag a chéile dá réir. Leis an mbailiúchán The Man Who Sold the Moon, chuaigh tábla i gcló ina dtaispeántar amlíne na staire seo ón mbliain 1950 go dtí an bhliain 2600, agus imeachtaí na scéalta, chomh maith le laethanta breithe agus báis na bpríomhlaochra, suite san fhráma seo. Tá scéalta na staire todhchaí seo díolamtha sa dá himleabhar úd The Past Through Tomorrow agus Orphans of the Sky. Ina dhiaidh sin, rinne scríbhneoirí eile ficsin eolaíochta, go háirithe Larry Niven, aithris ar an gcoincheap seo, agus iad ag postaláidiú stair todhchaí ar leith mar fhráma dá gcuid scéalta.

Sa ghearrscéal úd Solution Unsatisfactory, a tháinig ar pár sa bhliain 1940, chuir Heinlein na tairngreachtaí seo leanas os comhair an scríbhneora: Sa bhliain 1941, chuirfeadh na Stáit Aontaithe tús le tionscadal rúnda mórscála chun armálacha núicléacha a chruthú agus a dhéanamh inúsáidte roimh dheireadh na bliana 1944. (I scéal Heinlein, ní buama a bhí ann ach dusta radaighníomhach, ach ba iad na himpleachtaí céanna straitéise a bhí ag dul leis.) Bhainfí úsáid as an arm núicléach le cathair mhór a chur de dhroim an domhain i gceann de stáit na Fearsaide (ba í Beirlín a bhí i gceist sa scéal, seachas Hiroshima agus Nagasaki). Chuirfeadh an beart sin deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda, ach san am céanna, thosódh sé iomaíocht na n-armálacha idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach ("an tAontas Eoráiseach", mar a thugtaí air sa scéal). - I ngearrscéal Heinlein, phléasc cogadh amach sa deireadh, agus bhuaigh na Stáit Aontaithe é, ach de thoradh na teagmhála sin, tháinig rialtas míleata i gceannas ar an tír, agus rinneadh deachtóireacht di.

Tháinig cuid mhór de na tairngreachtaí seo isteach fíor, ach thairis sin, bhí Heinlein in ann meon na hAoise Núicléiche a chur os comhair an léitheora sula raibh an aois féin ann i gceart: rás na n-armálacha, an buille díoltais agus an comhdhíothú réamhchinntithe. San am céanna, ní raibh na polaiteoirí ná na ginearáil ach ag tosú ag déanamh a marana ar impleachtaí an chineál seo armálacha don tsaol ar fad.

An chéad úrscéal a tháinig i gcló ó pheann Heinlein, mar atá, Rocket Ship Galileo, fuair sé eiteach ar dtús, ó bhí na foilsitheoirí den bharúil go raibh sé dochreidte go dtuirlingeodh aon duine ar an nGealach choíche. Sa deireadh thiar, áfach, bhí an teach foilsitheoireachta Scribner sásta é a chur i gcló, agus ón am sin i leith, d'fhoilseoidís úrscéal don aos óg le Heinlein uair in aghaidh na bliana, le haghaidh mhargadh na Nollag. Ba é Clifford Geary a mhaisigh ocht gcinn de na leabhair seo, agus an stíl speisialta a bhí aige, é ag tarraingt línte bána ar chúlra dubh, mar a bheadh sé ag líniú ar chlár dubh. Is féidir Have Space Suit - Will Travel, Farmer in the Sky, agus Starman Jones a lua mar shamplaí den chineál seo scríbhneoireachta.

Bhí an-drogall ar Heinlein mionsonraí a shaoil phríobháidigh a nochtadh don tsaol mhór, agus bhí sé go mór in achrann le hAlexei Panshin, léirmheastóir agus údar a scríobh ceann de na leabhair is tábhachtaí faoi shaothar an scríbhneora, Heinlein in Dimension[1] Curtha i gcartlann 2012-07-16 ar an Wayback Machine. Bhí eagla ar Heinlein go mbeadh an iomarca eolais den chineál seo le fáil sa leabhar. Is é an meas a bhí ag na daoine air san am seo ná gur scríbhneoir don aos óg ab ea é thar aon rud eile, agus is dócha go bhfuair sé deacair an cineál saol príobháideach a bhí aige a chur in oiriúint don íomhá phoiblí seo. D'fhéadfá a rá go raibh siabhrán príobháideachta air, agus bhí tábhacht na príobháideachta ar cheann de na clocha ba mhó ar a phaidrín polaitiúil freisin.

Na húrscéalta a scríobh sé do na léitheoirí óga, is féidir a lán téamaí fásta a aithint orthu chomh maith leis na téamaí a bhaineann leis an óige. Bíonn gnáthfhadhbanna na ndéagóirí á bplé iontu, agus sin go rábach raidhsiúil. Ógánaigh an-éirimiúla, an-intleachtacha iad a chuid laochra, agus iad ag streachailt a mbealaigh trí shaol na ndaoine fásta ina dtimpeall. An té nach n-aithníonn ach an dromchla, síleann sé nach bhfuil iontu ach scéalta simplí eachtraíochta faoi éachtaí an laoich agus faoin dóigh a ndeileálann sé le múinteoirí amaideacha agus le comhaoiseanna éadmhara.

Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air go raibh Heinlein barúlach go raibh na déagóirí i bhfad ní ba sofaisticiúla agus ní b'ábalta téamaí casta a thuiscint ná a shíl an chuid ba mhó de na daoine. Mar sin, bíonn aibíocht ag baint le cuid mhór de na scéalta seo a fhágann inléite ag na daoine fásta féin iad. Mar shampla, ina úrscéal Red Planet, tugann sé cur síos ar mhic léinn óga atá páirteach i réabhlóid agus ag baint úsáid as airm thine. An dóigh ar thrácht Heinlein ar shaol gnéis an phríomhlaoich, níor thaitin sé leis an bhfoilsitheoir ach an oiread. Bhí Heinlein riamh meabhrach ar na srianta a chuir riachtanais na hóglitríochta lena chuid scéalta, agus cé go raibh sé in ainm is a bheith ag urramú do na srianta seo, ba mhinic a d'éirigh leis smaointí agus idéanna a smuigleáil isteach nach bhfeicfeá go minic ar fhicsean eolaíochta na linne má bhí sé dírithe ar léitheoirí óga.

Is iomaí léitheoir a shíleann inniu nach bhfuil Heinlein ach ag tál seanchlichés ar an léitheoir. Le fírinne, ba mhinic a chéadcheap seisean an príomhsmaoineamh ar baineadh an oiread sin athúsáide as i scríbhinní na n-údar eile go dtí go raibh meas an chliché ag na léitheoirí air. Na harrachtaigh ón spás a shealbhaíonn coirp na ndaoine ar an scannán úd Invasion of the Body Snatchers, is dócha nach rithfeadh a leithéidí riamh le lucht déanta an scannáin, murach gur thug Heinlein isteach an idé ina úrscéal The Puppet Masters.

Ba é an t-úrscéal deireanach a scríobh Heinlein don aos óg ná Starship Troopers. Bhí sé go tréan in aghaidh chinneadh an Uachtaráin Eisenhower éirí as na tástálacha núicléacha, agus ba é an cinneadh sin a thug spreagadh dó an leabhar áirithe seo a scríobh. Ba é príomhsmaoineamh polaitiúil an leabhair nár chóir coinscríobh a bheith ann, ach gur chóir an ceart vótála a theorannú dóibh siúd a bheadh sásta dul sna saighdiúirí.

An Saothar Aibí, 1961–1973[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta ó 1961 (Stranger in a Strange Land) go dtí 1973 (Time Enough for Love) a scríobh sé na húrscéalta ab aibí. An saothar a bhaineann leis an tréimhse seo, déanann sé trácht agus taighde ar na téamaí is tábhachtaí ina chuid scríbhneoireachta, ar nós an indibhidiúlachais, an liobrachais, agus an ghrá, idir chraiceann agus mhothúcháin. Tá an luathshaothar ag breathnú an-shaonta i gcomparáid leis na leabhair aibí, agus is dócha go raibh an ceart aige nuair a shíl sé nach raibh léitheoirí ná foilsitheoirí na gcaogaidí ar aon leibhéal leis an gcuid ba radacaí de na hidéanna a bhí aige. Níor fhoilsigh sé Stranger in a Strange Land ach roinnt mhaith ama i ndiaidh dó é a chríochnú, agus bhí ceisteanna na saoirse collaí agus an indibhidiúlachais radacaigh á bplé go flúirsiúil sa chéad úrscéal nár tháinig i gcló lena lá, For Us, The Living. Is iomaí léitheoir a deir gurbh é The Moon is a Harsh Mistress an t-urscéal ab fhearr a tháinig óna pheann riamh. Is é is ábhar don úrscéal seo ná an cogadh a chuireann muintir na Gealaí lena saoirse a bhaint amach ón Domhan. San úrscéal seo, tá an Ghealach ina coilíneacht príosúnachta, cosúil leis an Astráil tráth dá stair.

Cé go raibh Heinlein i ndiaidh cúpla gearrscéal fantaisíochta a chumadh cheana féin, ba sa tréimhse seo a scríobh sé an chéad úrscéal den chineál sin, is é sin, Glory Road. Sna húrscéalta Stranger in a Strange Land agus I Will Fear No Evil, arís, thosaigh sé ag meascadh téamaí eolaíochta agus fantaisíochta, misteachas, agus aoir ar an reiligiún. Creideann léirmheastóirí áirithe, ar nós William H. Patterson, Jr., agus Andrew Thornton, go raibh sean-naimhdeas fealsúnta an scríbhneora i leith an phosaitíbheachais ag teacht chun solais sna leabhair seo. Dúirt Heinlein féin gurbh é saothar James Branch Cabell a chuir an cor seo ina chinniúint liteartha. Maidir le I Will Fear No Evil, an dara húrscéal is déanaí sa tréimhse seo, is é an breithiúnas a thug an léirmheastóir James Gifford ná gur teip liteartha ar fad a bhí ann, agus gurbh é an peireatóiníteas a bhí ag luí ar an scríbhneoir faoin am sin a chaill an leabhar.

An Saothar Deireanach, 1980–1987[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Heinlein an peann i leataobh go ceann seacht mbliana, agus an drochshláinte a bhí air. Nuair a fuair sé biseach, áfach, chrom sé ar an scríbhneoireacht arís. Sna blianta ó 1980 (The Number of the Beast) go dtí 1987 (To Sail Beyond the Sunset), scríobh sé cúig úrscéal nua. Feictear na pearsana céanna sna leabhair seo, agus baint ag na himeachtaí is na háiteanna le chéile. Cuirtear fealsúnacht agus tuairimí pearsanta an scríbhneora i leith rudaí ar nós an rialtais, cúrsaí craicinn, agus an reiligiúin os comhair an léitheora go hoscailte, go leadránach fiú, dar le cuid de na léirmheastóirí. Níor thabhaigh na leabhair seo duaiseanna do Heinlein riamh, agus is minic a deirtear gurb é an taom a bhuail é sa bhliain 1977 a chuir ó mhaith é mar scríbhneoir. Ón taobh eile de, tá siad ann a deir gurb iad na leabhair dheireanacha na cinn ab fhearr a scríobh sé riamh. Cé go raibh cuid de na léirmheastóirí ag cáineadh na leabhar seo, bhí an-ghal orthu ag na ceannaitheoirí, agus is dóigh le cuid de na léitheoirí nár thuig na léirmheastóirí go raibh Heinlein d'aon turas ag iarraidh scigaithris a dhéanamh ar an bhficsean eolaíochta agus ar an litríocht féin mar rud.

Cuid de na leabhair seo, cosúil le The Number of the Beast agus The Cat Who Walks Through Walls, is scéalta eachtraíochta iad ar dtús, agus iad ag iompú ina bhfantaisíochtaí fealsúnachta ag druidim chun deireanais dóibh. Tá an dá bh'fhéidir ann, cé acu a theip a scileanna ceirde ar Heinlein nó a bhí sé d'aon ogham ag féachaint le srianta an fhicsin eolaíochta, mar sheánra liteartha, a shíneadh amach le sórt réalachas draíochta a dhéanamh de, cosúil leis an dóigh a ndearna sé san úrscéal Stranger in a Strange Land.

An claonadh chun féintagarthachta a thosaigh sna húrscéalta úd The Stranger in a Strange Land agus Time Enough for Love, mhéadaigh air sna leabhair dheireanacha, ar nós The Cat Who Walks through Walls. An fear atá ina phríomhlaoch agus a insíonn an scéal sa leabhar sin, is iarshaighdiúir é a chuaigh chun pinn i ndiaidh dó dul ar pinsean ar chúiseanna easláinte, agus é ag titim i ngrá le bean atá an-chosúil le Ginny, mar is dual do na mná láidre i scéalta Heinlein. Ní théann na húrscéalta seo in abar leis an bhféintagarthacht seo, ó tá an oiread sin féin-scigaithrise agus íoróine ag dul léi, agus an scríbhneoir ag magadh faoi féin. San am céanna, is dócha nach dtéann siad i bhfeidhm ar an dóigh ba chóir ar an léitheoir nach bhfuil eolach ar na húrscéalta a scríobh Heinlein roimhe sin. Is iomaí léitheoir fosta nach bhfuil sásta leis an gcineál tráthúlacht cainte a chleachtann sé, go háirithe i gcomhrá na laochra: cibé cérb as do na carachtair éagsúla, bíonn siad uile ag labhairt sa stíl chéanna agus ag tagairt do na himeachtaí céanna - is é sin, tá canúint an Lár-Iarthair acu ar fad, agus iad fáiscthe, mar phearsana, as na blianta i ndiaidh ghéarchéim eacnamaíochta na dtríochaidí. Bíonn léitheoirí áirithe cineál faoi dhraíocht ag an gcineál seo macántachta, agus léitheoirí eile den tuairim go bhfuil an easpa sofaisticiúlachta ag cur as dóibh.

Maidir le Job: A Comedy of Justice, is aoir é ar an gCríostaíocht Shoiscéalach agus baint aige leis an ngearrscéal úd The Unpleasant Profession of Jonathan Hoag a tháinig óna pheann sa bhliain 1942. Níl baint ag Job ná ag Friday leis an trí cinn eile de na húrscéalta "féintagartha". Tá Friday bunaithe ar dhomhan agus ar imeachtaí an scéil úd Gulf a scríobh sé sa bhliain 1953.

Na Foilseacháin Iarbháis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh ceithre leabhar le Heinlein i ndiaidh a bháis. Tráchtadh ar For Us, the Living cheana féin. Sa bhliain 1989, cuireadh bailiúchán de litreacha leis i gcló faoin teideal Grumbles from the Grave. Trí bliana ina dhiaidh sin, foilsíodh Tramp Royale, a thugann cur síos ar an turas timpeall an domhain a rinne seisean agus Ginny sna caogaidí. Thairis sin, chuir Yoji Kondo agus Ginny in eagar roinnt scéalta le Heinlein sa leabhar Requiem nach raibh foilsithe faoi chlúdach leabhair roimhe sin. Leabhar ceiliúrtha ab ea Requiem, mar a thugann an teideal le fios ("Éagnairc"), leabhar a foilsíodh in ómós do Heinlein, agus is iad cuimhní cinn a chuid cairde agus aistí na scríbhneoirí a d'admhaigh a thionchar an chuid lárnach sa leabhar.

Tá an leabhar Robert A. Heinlein's Variable Star le teacht amach i Mí Dheireadh Fómhair, 2006. Spider Robinson a chuir in eagar í. Scríbhneoir ficsin eolaíochta é Robinson ar imir saothar Heinlein an-tionchar ar a chuid saothar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]