Plé:Fabhcún cosdearg

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Maidie le Falco vespertinus

Feicim go bhfuil an leagan Gaeilge Fabhcún cosdearg ag Tearma.ie (https://www.tearma.ie/q/Falco%20vespertinus/) agus dhealródh sé gur aistriúchán díreach ón leagan Béarla Red-footed falcon atá ann.

Mar is eol duit ba é an luibheolaí Sualannach Carl Linnaeus a chur tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo.

Bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Ag éirí as sin go léir tá an leagan Falco vespertinus againn inniu!

Ceapaim gur trua é, nuair nach bhfuil an neach beo as Éirinn ó dhúchas, nó ar thaifead sa Ghaeilge nach dtugtar aird ar an ainm Laidineach ar dtús, nuair a chinntear ar leagan Gaeilge a chumadh.

Mar is eol duit, tagann ainm an ghéinis Falco ón Laidin rud a chiallaíonn corrán, ag tagairt do chrúba an éin, agus ainm an speicis vespertinus, a chiallaíonn "tráthnóna", vesper sa Laidin,

Mholainn Fabhcún tráthnóna in ionad Fabhcún cosdearg mar tá an focal 'fabhcún' ag Ó Dónaill (FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA 1977) agus tá 'falcún' ag de Bhaldraithe,( English-Irish Dictionary 1959), cheana féin.

Ach amháin sin mholainn 'Corrán tráthnóna' an t-aistriúchán díreach ón leagan Laidineach.

Cad a cheapann tú féin? Ériugena (plé) 13:09, 2 Bealtaine 2020 (UTC)[reply]