Oileáin Pribilof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileáin Pribilof
CineálGrúpa oileán agus oileán Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGavriil Pribilof Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin Ailiúit Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i limistéar cosantaAlaska Maritime National Wildlife Refuge (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinCeantar Daonáirimh Aleutians Thiar, Alasca, Alaska Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°10′49″N 170°14′01″W / 57.1801515°N 170.2337063°W / 57.1801515; -170.2337063
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bheiring Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar194.436 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa ceithre oileán bolcánach amuigh ó chósta mhór-roinn Alasca is ea Oileáin Pribilof (roimhe na hOileáin Fionnaidh Rónta Thuaidh). Tá siad suite i Muir Bheiring thart ar 200 míle (320 km) taobh ó thuaidh ó Unalaska agus 200 miles (320 km) siar ó dheas den Roinn Newenham.

Tá cósta na Sibéire timpeall is 500 míle siar ó thuaidh ó na hoileáin. Tá beagnach 200 km2 (77 sq mi) d'achar sna hoileáin, agus táid carraigeach faoi bhrat tundra. Bhí 572 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2010.

Na hoileáin is mó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad San Pól agus San Seoirse an dá oileán is mó. Ainmníodh an chéad cheann i ndiaidh Féasta Peadar agus Pól, an lá ar ar tháinig na chéad Eorpaigh orthu; is dócha go dtagann an dara ceann as ainm long na dtaiscéalaithe, iad seo faoi cheannas Gavriil Pribilof as a dtugadh ainm an oileánra ar fad.[1] In aice le San Pól, tá na mionoileáin úd, Oileán na Dobharchú agus Oileán an Rosualt. Tá 75.072 míle cearnógacha sna hoileáin. Is cuid de aonad an Mhuir Bheiring den Tearmann Mara Dúlra Náisiúnta Alasca iad na hoileáin.[2]


  1. Chisholm, Hugh, eag. (1911). "Pribilof Islands". Encyclopædia Britannica (11ú eag.). Cambridge University Press.
  2. Bering Sea Unit, AMNWR Curtha i gcartlann Lúnasa 27, 2008, ar an Wayback Machine U.S. Fish and Wildlife