Mícheál Ó hAodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó hAodha
Beathaisnéis
Breith31 Iúil 1918
Cill Dalua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Eanáir 1998
79 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreRaidió, amharclannaíocht agus raidió
Gairmpearsa raidió, monaróir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Discogs: 4892912 Cuir in eagar ar Wikidata

Stiúrthóir léiriúcháin Raidió Éireann ab ea Mícheál Ó hAodha (1918–1998).[1] Bhí cáil air mar léiritheoir, drámadóir agus léirmheastóir. Bhuaigh sé an Prix Italia, duais idirnáisiúnta, sa bhliain 1961 le dráma raidió a bhunaigh sé ar The Weaver's Grave, gearrscéal le Seumas O'Kelly. Scríobh sé an script do chéad-gheamaireacht Amharclann na Mainistreach, Muireann agus an Prionsa, sa bhliain 1945. San amharclann chéanna a léiríodh a dhuaisdráma Ordóg an Bháis, 1943.

Scríobh sé mórchuid alt ar an drámaíocht agus ar chúrsaí liteartha. Foilsíodh leabhar leis, Plays and Places, sa bhliain 1961. Bhí aithne mhaith air ar fud na tíre mar mholtóir i bhféilte drámaíochta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]