Ionchúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonchúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac
Íomhá
Map
Lipéad sa teanga dhúchais(en) The People of the State of New York v. Donald J. Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbill of indictment (en) Aistrigh de Donald Trump
cás coiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMarch 2023 Donald Trump arrest rumors (en) Aistrigh agus indictments against Donald Trump (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe4 Aibreán 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharStormy Daniels–Donald Trump scandal (en) Aistrigh
Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe, 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisNew York Supreme Court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Donald Trump
Alvin Bragg
Stormy Daniels Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtNew York Supreme Court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhJuan Merchan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#TrumpIndictment, #LockHimUp agus #TrumpForPrison Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh Cúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, an cás The People of the State of New York v. Donald J. Trump, i Nua Eabhrac ar an 15 Aibreán 2024, an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016.

Bhí na líomhaintí uilig[1] séanta ag Trump[2] agus bhain Trump leas as scéal a dhíotála chun a lucht tacaíochta a ghríosú.[3]

Físeán in 2022: Stormy Daniels ag labhairt faoi Trump srl
Michael Cohen in 2019

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Márta 2023, vótáil Ard-Ghiúiré i Nua Eabhrac ar son Trump a dhíotáil mar chuid d’fhiosrúchán fada a rinne Oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan.

I mí Aibreáin 2023 i gcúirt in Manhattan, thóg méarlorg Trump agus pictiúr dá aghaidh mar a dhéantar le gach cosantóir i gcás coiriúil.[3] Phléadáil Donald Trump neamhchiontach. Nuair a tháinig deireadh leis an díotchúiseamh, scaoileadh saor Trump le filleadh ar Florida.

Níor chuir na cúisimh aon chosc ar Trump a bheith mar iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh ná a bheith ina Uachtarán arís ar na Stáit Aontaithe.

Agóid i Manhattan in aghaidh Trump, 28 Aibreán 2024
Físeán: agóid
Físeán: Shaman QAnon ag léirsiú

Triail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh na himeachtaí cúirte i Manhattan i mí na Márta 2024 agus tháinig an giúiré ar chinneadh ar an 30 Bealtaine 2024.[4]

Rinneadh íocaíochtaí le linn toghchán uachtaránachta 2016 – íocaíochtaí le "Stormy Daniels", aisteoir i scannáin phornagrafaíochta, striapach agus mainicín Playboy. Rinne dlíodóir Trump, Michael Cohen,[5] an íocaíocht le Daniels sna laethanta roimh thoghchán uachtaránachta 2016, ionas nach sceithfeadh sí an scéal faoin gcaidreamh a deir sise a bhí aici le Trump. Ach bhain na cúiseanna go sonrach le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt.

Phléadáil Donald Trump neamhchiontach i gcúirt in Manhattan i ngach ceann de 34 cúis a cuireadh ina leith[6] maidir lena bhaint le cás inar íocadh airgead ionas nach sceithfí eolas faoi.[7]

Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg. gur inis Trump bréaga “arís is arís eile” chun coireanna a bhain le toghchán uachtaránachta 2016 a cheilt. “Sháraigh an tseift seo dlí toghchánaíochta Nua-Eabhrac, a deir gur coir atá ann dul i mbun comhcheilge chun iarrthóir a chur chun cinn go mídhleathach,” a dúirt Bragg.

De réir fhianaise Michael Cohen, d’íoc seisean an t-airgead le Stormy Daniels, agus bheartaigh an bheirt fhear plean faoina d’íocfadh Donald Trump an t-airgead ar ais leis i ranníocaíochtaí. D’aontaigh siad go gcruthóidís bréagshonraisc ina mbeadh sé tugtha le fios gur cúiteamh as obair dhlíthiúil a bhí sna ranníocaíochtaí, ach cur i gcéill a bhí ann.[8]

Le linn na trialach, dúirt dlíodóirí ar son Trump nach bhféadfaí Cohen a chreidiúint; gur coirpeach ciontaithe a bhí ann.

Dúirt Trump nach raibh aon rud mícheart déanta aige agus gurb amhlaidh go raibh géarleanúint á déanamh air ar mhaithe le cur as don toghchán.[3] Ag an am céanna, bhí Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin. Bhí suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta a bhí á fháil aige.

Bhí sé deacair giúiré a roghnú - próiseas  a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Bhí ar Trump freastal ar an gcúirt gach lá a bhí an cás ar siúl.

Thug an breitheamh ordú do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta.[2] Tamaill níos déanaí, in iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Juan Merchan,[9] an breitheamh, ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte.[10]

Fíorasc ciontachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an giúiré dhá lá i mbun machnaimh. Faoi dheireadh, ar an 30 Bealtaine 2024, cúisíodh Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.[11] Sa deireadh, chinn an giúiré go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun Trump a chiontú.[8][6]

Bhí sé ráite ag dlíodóir Trump, Todd Blanche, go bhfuil Trump le hachomharc a dhéanamh. Ach gearrfar píonós ar Trump i mí Iúil. "Chomh luath is a bheith sé sin curtha i gcrích, cuirfimid tús leis an achomharc", a dúirt Blanche.[8]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin go bhfuil Trump ciontaithe i 34 cúis, níl aon bhac air seasamh sa toghchán uachtaránachta ar an 5 Samhain 2024.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. manhattanda.org (2023-2024). "Téacs: díotáil (pdf)". Dáta rochtana: 2024.
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (20 Aibreán 2024). "‎Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-04-24.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-03-31). Dáta rochtana: 2024-05-31.
  4. A. B. C. News. "Timeline: Manhattan DA's Stormy Daniels hush money case against Donald Trump" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2024-05-31.
  5. "Michael Cohen (lawyer)" (as en) (2024-05-31). Wikipedia. 
  6. 6.0 6.1 "Watch Donald Trump speak outside courtroom after his guilty verdict | CNN Politics" (as en) (2024-05-30). 
  7. "Pléadáilte neamhchiontach ag Donald Trump i 34 cúis choiriúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-04-04). Dáta rochtana: 2024-05-31.
  8. 8.0 8.1 8.2 Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Trump: achomharc le déanamh "chomh luath agus is féidir"" (as ga-IE). 
  9. "Who is Juan Merchan, the 'no-nonsense' judge overseeing Trump's hush-money case?" (en-GB) (2023-04-04). Dáta rochtana: 2024-05-31.
  10. Máirín Ní Ghadhra (23 Aibreán 2024). "Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-24.
  11. Dan Mangan (2024-05-30). "Trump guilty on all 34 counts in hush money trial, historic first for a former U.S. president" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2024-05-31.