Inherent Vice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharInherent Vice
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarThomas Pynchon Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá, 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirPenguin Group
Tréith
Seánraficsean bleachtaireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaCalifornia Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith

Is úrscéal de chuid Thomas Pynchon é Inherent Vice (Gaeilge: Locht Bunaidh ) a tháinig amach in 2009.

Teideal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is téarma sa Bhéarla é "inherent vice" a chiallaíonn fabht sa rud a chuireann an rud féin chun meatha.

Achoimhre ar an bPlota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal ann in Los Angeles in 1970. Is ar Larry "Doc" Sportello (príomhcharachtar an úrscéil agus bleachtaire príomháideach) a thagann Shasta Fay Hepworth (a sheanchailín) cuairt. Insíonn sí do Doc faoina stócach nua, Mickey Wolfmann, forbróir réadmhaoine atá an-saibhir agus pósta, agus faoin gcomhcheilg a chothaigh a bhean chéile agus an stócach aicise chun Mickey a fhuadach agus a chur i dteach na ngealt. Tá ar Doc ina dhiaidh sin a thosú ag fiosrú, go háirithe tar éis imeacht Mickey as amharc.

Ar fud an scéil, bítear ag insint do Doc: "Fainic ar an Starrfhiacail Óir!"

Athchóiriú Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh scannán de in 2014 arbh é Paul Thomas Anderson a stiúrthóir.