Hezbollah

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaHezbollah
(ar) ‮حزب الله‬ Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósḤizb Allāh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta
eagraíocht sceimhlitheoireachta
eagraíocht armtha
gníomhaí neamhstáit Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaIoslamachas
náisiúnachas Arabach
frithimpiriúlachas
frith-Shíónachas
Khomeiniachas Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnSiach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1982 ↔ 1985
Bunaitheoir(í)Mohammad Hussein Fadlallah, Ali Akbar Mohtashamipur agus Imad Mughniyah Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíHassan Nasrallah Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Codanna
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa míleatach agus páirtí polaitiúil Ioslamaíoch de chuid na Liobáine é Hezbollah (Araibis: حزب الله; rómhánaithe: Ḥizbu 'llāh, ‘Páirtí Allah’ nó ‘Páirtí Dé’)[1][2][3] Ó 1992, tá sé faoi stiúir a Ard-Rúnaí Hassan Nasrallah. Tugtar an Chomhairle Jiohád ar an eite pharaimíleata[4] agus is é Dílseacht don Fhrithbheartaíocht an eite pholaitiúil i bParlaimint na Liobáine. Meastar go bhfuil Hezbollah ar cóineart le harm meánmhéide.[5]

Bhunaigh cléirigh Liobánacha an grúpa go príomha chun troid i gcoinne ionradh Iosrael ar an Liobáin in 1982.[6] Ghlac sé leis an tsamhail a leag an tAyatollah Khomeini amach tar éis Réabhlóid na hIaráine in 1979, agus thug bunaitheoirí an pháirtí “Hezbollah” air toisc gurbh é sin an t-ainm a roghnaigh Khomeini. Tá dlúthcheangal idir an Iaráin agus Hezbollah anois.[7] Cruthaíodh an eagraíocht le tacaíocht ó 1,500 oiliúnóir de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí,[8] agus thug sí grúpaí éagsúla Siacha sa Liobáin le chéile in eagraíocht aontaithe amháin chun an fód a sheasamh in aghaidh ghabháil Iosrael ar Dheisceart na Liobáine.[9][6][10] Sa bhliain 1985, le linn Chogadh Cathartha na Liobáine, d'fhoilsigh Hezbollah forógra a shonraigh a phríomhaidhm mar “na Meiriceánaigh, na Francaigh agus comhghuaillithe dá gcuid a dhíbirt go cinnte as an Liobáin chun deireadh a chur le haon fhórsa coilíneach ar ár dtalamh”.[11] Ó 1985 go 2000, ghlac Hezbollah páirt i gCoimhlint Dheisceart na Liobáine in aghaidh Arm Dheisceart na Liobáine (SLA) agus Arm Iosrael (IDF), agus throid sé arís in aghaidh an IDF i gCogadh na Liobáine in 2006. Le linn na 1990idí, d’eagraigh Hezbollah óglaigh chun troid ar son Arm Phoblacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine le linn Chogadh na Boisnia.[12]

Ó 1990 i leith, tá Hezbollah ag glacadh páirte i bpolaitíocht na Liobáine, i bpróiseas a dtugtar “Liobáiniú Hezbollah” air. Ghlac sé páirt ina dhiaidh sin i rialtas na Liobáine agus chuaigh sé isteach i gcomhghuaillíochtaí polaitiúla. Tar éis agóidí na Liobáine in 2006–2008,[13][14] cruthaíodh rialtas aontachtach náisiúnta in 2008, agus bhuaigh Hezbollah agus a chomhghuaillithe sa fhreasúra 11 as 30 suíochán comh-aireachta, rud a thug cumhacht crosta dóibh.[15] I mí Lúnasa 2008, ghlac comh-aireacht nua na Liobáine d'aon toil le dréachtráiteas polasaí a d'aithin go bhfuil Hezbollah ann mar eagraíocht armtha agus a chosain a cheart chun “tailte faoi fhorghabháil a shaoradh nó a aisghabháil” (Feirmeacha Shebaa mar shampla). Tá Hezbollah ina chuid de Chomhghuaillíocht 8 Márta a sheasann i gcoinne Chomhghuaillíocht 14 Márta. Faigheann sé tacaíocht láidir ó Mhoslamaigh Shiacha na Liobáine,[16] ach ní aontaíonn go leor Moslamach Sunnaíoch lena spriocanna.[17][18] Tá tacaíocht ag Hezbollah i roinnt ceantar Críostaí sa Liobáin freisin.[19] Ó 2012 i leith, throid Hezbollah i gcogadh cathartha na Siria i gcomhar le rialtas na Siria in aghaidh an fhreasúra, gluaiseacht a ndearna Hezbollah cur síos uirthi mar phlota Síónach chun a chomhghuaillíocht le Bashar al-Assad in aghaidh Iosrael a scriosadh.[20][21] Idir 2013 agus 2015, sheol an eagraíocht saighdiúirí go dtí an tSiria agus an Iaráic chun mílístí áitiúla a thraenáil ina dtroid i gcoinne an Stáit Ioslamaigh.[22] In olltoghchán na Liobáine 2018, bhuaigh Hezbollah 12 shuíochán agus bhuaigh a chomhghuaillíocht an toghchán ina iomláine trí 70 as 128 suíochán a bhaint amach.[23][24]

Ní dhearna Hezbollah dí-armáil tar éis d'Iosrael tarraingt siar ó Dheisceart na Liobáine, rud a sháraigh rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.[25] Ó 2006, d'fhás neart míleata an ghrúpa go suntasach,[26][27] sa mhéid is go raibh a eite pharaimíleatach níos láidre ná Arm na Liobáine.[28][29] Déantar cur síos ar Hezbollah mar “stát laistigh de stát”,[30] agus sa lá atá inniu ann, tá suíocháin aige i rialtas na Liobáine, tá stáisiún raidió agus stáisiún teilifíse satailíte aige, agus seolann sé go leor saighdiúirí chun páirt a ghlacadh i gcoinbhleachtaí taobh amuigh den Liobáin.[31][32][33] Faoi láthair, faigheann an grúpa oiliúint mhíleata, airm, agus airgead ón Iaráin, agus tacaíocht pholaitiúil ón tSiria, cé go ndearna nádúr seicteach an chogaidh sa tSiria dochar do dhlisteanacht Hezbollah i measc na Sunnaíoch.[31][34][35] In 2021, dúirt Nasrallah go raibh 100,000 saighdiúir ag an ngrúpa.[36] Tá an Hezbollah, nó an eite mhíleata amháin, ainmnithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta ag roinnt tíortha, an tAontas Eorpach san áireamh,[37] agus, ó 2017, ag formhór na mballstát de Léig na nArabach freisin, seachas an Liobáin féin, áit a bhfuil Hezbollah ar cheann de na páirtithe polaitíochta is láidre sa tír, agus an Iaráic.[38]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Hezbollah” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  2. Hezbollah | Meaning, History, & Ideology | Britannica” (en). www.britannica.com (2023-12-15). Dáta rochtana: 2023-12-17.
  3. What Is Hezbollah?” (en). Council on Foreign Relations. Dáta rochtana: 2023-12-17.
  4. Levitt, Matthew (2013). "Hezbollah: The Global Footprint of Lebanon's Party of God". Hurst Publishers. ISBN 978-1-84904-333-5. “... the Jihad Council coordinates 'resistance activity'.” 
  5. Hezbollah: Not a terror group but a midsized army”. Haaretz (Lúnasa 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Aibreán 2022.
  6. 6.0 6.1 "Who are Hezbollah?". BBC News.
  7. Hirst, David (2010) Beware of Small States.
  8. Adam Shatz (29 Aibreán 2004). "In Search of Hezbollah". The New York Review of Books. Dáta rochtana: 14 Lúnasa 2006. 
  9. E. Azani, Hezbollah: The Story of the Party of God: From Revolution to Institutionalization, Springer, 2011 ISBN 978-0-230-11629-0 pp. 59–63
  10. Mariam Farida, Religion and Hezbollah: Political Ideology and Legitimacy, Routledge, 2019 ISBN 978-1-000-45857-2 pp. 1–3.
  11. Itamar Rabinovich (2008). "Israel in the Middle East". UPNE. ISBN 978-0-87451-962-4. Dáta rochtana: 18 Samhain 2010. 
  12. "After the atrocities committed against Muslims in Bosnia, it is no wonder today’s jihadis have set out on the path to war in Syria". The Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Iúil 2018.
  13. "Political ferment in Lebanon". BBC News.
  14. Stern, Yoav (10 Bealtaine 2008). “Hezbollah fighters retreat from Beirut after 37 die in clashes”. Haaretz. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 20 Deireadh Fómhair 2012.
  15. Hezbollah (a.k.a. Hizbollah, Hizbu'llah)”. Council on Foreign Relations (13 Meán Fómhair 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Meán Fómhair 2008. Dáta rochtana: 15 Meán Fómhair 2008.
  16. "Huge Beirut protest backs Syria". BBC News.
  17. "Hariri: Sunnis 'refuse' to join Hezbollah-Al Qaida war".
  18. Blanford & Salim 2013.
  19. Zirulnick 2012.
  20. "Mystery in Hezbollah Operative’s Life and Death". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-03.
  21. "Car Bombing Injures Dozens in Hezbollah Section of Beirut". The New York Times (2013-07-09). “Hezbollah has portrayed the Syrian uprising as an Israeli-backed plot to destroy its alliance with Mr. Assad against Israel.”
  22. Liz Sly and Suzan Haidamous 'Lebanon's Hezbollah acknowledges battling the Islamic State in Iraq,' Washington Post 16 Feabhra 2015.
  23. "Factbox: Hezbollah and allies gain sway in Lebanon parliament" (2018-05-22).
  24. "Hezbollah, Amal and allies biggest winners in Lebanon elections". Al Jazeera (2018-05-08).
  25. "Fears grow of all-out Israel-Hezbollah war as fighting escalates". The Guardian (2023-12-17).
  26. "UN: Hezbollah Has Increased Military Strength Since 2006 War". Haaretz (2007-10-25).
  27. "Israel reaches strategic decision not to let Iran go nuclear". Middle East Times. “And if there is one thing that ideologically and diametrically opposed Hezbollah and Israel agree on, it is Hezbollah's growing military strength.”
  28. "Hezbollah’s Role in Syria War Shakes the Lebanese". The New York Times (2013-05-20). “Hezbollah, stronger than the Lebanese Army, has the power to drag the country into war without a government decision, as in 2006, when it set off the war by capturing two Israeli soldiers”
  29. "For Lebanon’s Sunnis, growing rage at Hezbollah over role in Syria". The Washington Post (2013-06-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Samhain 2013. “... Hezbollah, which has a fighting force generally considered more powerful than the Lebanese army.”
  30. "Iran-Syria vs. Israel, Round 1: Assessments & Lessons Learned". Defense Industry Daily.
  31. 31.0 31.1 "Syrian Fighting Gives Hezbollah New but Diffuse Purpose". The New York Times (2014-05-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-03. “... the fighting has also diluted the resources that used to go exclusively to facing Israel, exacerbated sectarian divisions in the region, and alienated large segments of the majority Sunni population who once embraced Hezbollah as a liberation force... Never before have Hezbollah guerrillas fought alongside a formal army, waged war outside Lebanon or initiated broad offensives aimed at seizing territory.”
  32. Deeb, Lara (31 Iúil 2006). “Hizballah: A Primer”. Middle East Report. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Deireadh Fómhair 2011. Dáta rochtana: 31 Bealtaine 2011.
  33. "Hezbollah operative wanted by FBI dies in fighting in Syria". The Washington Post (2014-05-28). “"... Hasan Nasrallah has called the deployment of his fighters to Syria a 'new phase' for the movement, and it marks the first time the group has sent significant numbers of men outside Lebanon's borders."”
  34. Hezbollah's Syrian Quagmires”. The Washington Institute for Near East Policy. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Deireadh Fómhair 2014. Dáta rochtana: 17 Meán Fómhair 2014. “"By siding with the Assad regime, the regime's Alawite supporters, and Iran, and taking up arms against Sunni rebels, Hezbollah has placed itself at the epicenter of a sectarian conflict that has nothing to do with the group's purported raison d'être: 'resistance' to Israeli occupation."”
  35. "Israel Watches Warily as Hezbollah Gains Battle Skills in Syria". The New York Times (2014-03-10). “"... the Lebanese group's image at home and in the broader Arab world has been severely damaged because it is fighting Sunni rebels in Syria while its legitimacy rested on its role in fighting Israel."”
  36. "Hezbollah leader declares his group has 100,000 fighters" (2021-10-18).
  37. "European Union Adds Military Wing of Hezbollah to List of Terrorist Organizations". The New York Times (2013-07-22).
  38. Ben Wedeman,Arab League states condemn Hezbollah as 'terrorist organization' CNN News 20 Samhain 2017.