Grindr, Saghdar, agus Cher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinGrindr, Saghdar, agus Cher
Cineáldráma Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
Céadléiriú5 Samhain 2022 Cuir in eagar ar Wikidata

Dráma Gaeilge é Grindr, Saghdar agus Cher (2022), comhoibriú de chuid AerachAiteachGaelach idir Sam Ó Fearraigh, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy. Triúr carachtar LADTA+ atá i gceist agus trí mhonalóg fite fuaite lena chéile.

Dá chéad léiriúchán, is ag Oireachtas na Gaeilge a cuireadh an dráma "i láthair an tslua, slua a líon Amharclann an Oireachtais in Óstán Brehon agus a d’éirigh ina sheasamh le bualadh bos a thabhairt don chomharghrúpa ag deireadh an léirithe."[1] Tá sé á chur i láthair ar fud na tíre ó shin i leith.[1][2][3][4][5][6][7][8][9][10][11][12][13][14]

Stáitse faoi shoilse corcra, maidhc amháin ann, agus daoine ag fanacht roimh taibhiú ann.
Amharclann an Oireachtais roimh an gcéad taibhsiú de Grindr, Saghdar agus Cher

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh léiriúchán rathúil Idir Mise agus Craiceann do Chluaise a chur i gcrích is ea ar "shocraigh Ní É agus Mc Evoy gur theastaigh uathu triail a bhaint as cur chuige nua" agus dráma a scríobh don stáitse.[5]

"Gidh go bhfuil go leor i gcoiteann againn mar Ghaeil agus mar dhaoine aiteacha," a dúirt Ó Fearraigh, "dar ndóigh tá eispéireas difriúil againn fosta agus bhí muid ag iarraidh scéalta ónár saol féin a shníomh tríd."[5] Ghlacadar cur chuige dá réir sin agus an dráma á chur i dtoll a chéile acu, ag gabháil dó "go neamhspleách ar a chéile ach bhí na scríbhneoirí i dteagmháil i gcónaí ionas go bhféadfadh na gnéithe éagsúla den phlota a bheith fite fuaite ina chéile."[8]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarraingíonn fear tuaithe anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Fulaingíonn leispiach imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc le scata ban díreach. Tugann fear aiteach atá sa tóir ar an gcraiceann bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile.

Is dráma é Grindr, Saghdar agus Cher ina ndéantar "iniúchadh ar chaidreamh triúr aiteach lena bpobal féin [...] agus léiríodh gur féidir leis an oíche chéanna a bheith an-difriúil do gach aon duine ag brath ar an bpribhléid atá acu agus ar an gcaoi a ndearcann siad ar an aiteacht agus ar a suíomh féin i measc an phobail aitigh."[15]

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dónall (Ó Fearraigh)
  • Conch (Mc Evoy)
  • Louise (Ní É)

Léiriúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraon le "léaráidí áille le Margaret Lonergan"[6], teilgtear ar scáileán ar chúl an stáitse fotheidil Bhéarla "mar chabhair dóibh siúd sa lucht féachana nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu".[5]

Tá foirne éagsúla léiriúcháin tar éis obair ar Grindr, Saghdar agus Cher a chur i láthair. I Scabhat Smock bhí ceol ó Bandia, Liam Grant a bhí i mbun fuaime, agus Alfredo Lopez a chinntigh "soilsiú atmaisféarach".[16] Fíbín sa Taibhdhearc a bhí ag obair air i nGaillimh, i Seanscoil Sailearna[7] agus i mBéal Feirste[12]

Ionaid Léirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Grindr, Saghdar agus Cher i láthair mar chuid de roinnt mhaith féilte éagsúla: An tOireachtas, IMRAM, IDGTF, Bród na Gaeltachta, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, agus Outburst.

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Grindr, Saghdar agus Cher, bhain pobal ealaíon LADTA+ "cloch mhíle thábhachtach eile amach" ar an mbóthar fada atá siúlta acu dar le Pat Butler ar Tuairisc.ie agus ó thaobh an chur i láthair féin de, "Rinne AerachAiteachGaelach gaisce a sheol amach an doras ag deireadh an tseó mé le croí maith mór, gáire ar mo bhéal agus an aoibh sin istigh a bhíonn ag duine tar éis dó ‘fíor-eispéireas’ amharclainne a bhlaiseadh.".[16]

"Oíche iontach" a bhí ann de réir The Reviews Hub, mar a luadh freisin an greann a bhain gáirí as gach duine beag beann ar a gcumas teanga, a soghonta is a bhí na carachtair in amantaí, agus a fhírinní is a ábhartha is a mhothaigh an scéalaíocht.[3]

Leag lucht The Guardian béim ar nua-aimsearthacht an dráma, go háirithe ó thaobh na teanga de.[17]

"Ainmníodh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher i dtrí chatagóir i ngradaim IDGTF 2023, an chéad bhliain ar léiríodh dráma iomlán i nGaeilge mar chuid den fhéile". Is iad sin Gradam Oscar Wilde (feabhas scríbhneoireachta), Gradam Doric Wilson (idirphlé idir chultúir leis an amharclannaíocht) agus Gradam Eva Gore-Booth (feabhas aisteoireachta i ról baineann; Ciara Ní É a ainmníodh).[18]

Bhuaigh AerachAiteachGaelach an duais in 2023 "i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, éacht d'eagraíocht Ghaeilge agus iad san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre"[19]

Tá rún ag Mc Evoy agus ag Gareth Evans-Jones an dráma a thiontú go Breatnais.[20]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag an Oireachtas agus IMRAM". AerachAiteachGaelach (9 Samhain, 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  2. 2.0 2.1 "Why Ciara is making more space in the world of Gaelic performance". PressReader [ Irish Daily Mail ] (11 Samhain 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  3. 3.0 3.1 3.2 Emma Devlin (9 Bealtaine 2023). "Grindr, Saghdar agus Cher – Teacher’s Club, International Dublin Gay Theatre Festival 2023, Dublin". The Reviews Hub. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  4. 4.0 4.1 "Grindr, Saghdar agus Cher". International Dublin Gay Theatre Festival (2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Éanna Ó Caollaí (08 Bealtaine 2023). "‘Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn’". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  6. 6.0 6.1 6.2 "Dráma ceannródaíoch aiteach Gaeilge á léiriú ar stáitse". RTÉ (02 Bealtaine 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 02 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  7. 7.0 7.1 7.2 "*Grindr, Saghdar ⁊ Cher* i gConamara". AerachAiteachGaelach (14 Iúil 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 Pádraig Mac Oitir (24 Samhain 2023). "'Grindr, Saghdar & Cher' ar ardán i mBéal Feirste". Meon Eile. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  9. 9.0 9.1 "Grindr, Saghdar agus Cher". Galway International Arts Festival (2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Meitheamh 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  10. 10.0 10.1 "Grindr, Saghdar agus Cher". Taibhdhearc (2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  11. 11.0 11.1 Judy Murphy (21 Iúil 2023). "New Taibhdhearc show follows lives of young LGBTQ+ people on fateful night". Connacht Tribune [Galway City Tribune]. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Iúil 2023. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  12. 12.0 12.1 12.2 "Grindr, Saghdar agus Cher". Outburst Arts (2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  13. 13.0 13.1 "Axis Bhaile Munna gnóthach le linn Seachtain na Gaeilge agus ciorcal comhrá, taispeántais grianghraifeanna agus dráma Gaeilge". RTÉ (06 Márta 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 06 Márta 2024. Dáta rochtana: 09 Bealtaine 2024.
  14. 14.0 14.1 "Theatre: Grindr, Saghdar agus Cher". Eventbrite.
  15. Eoin Mc Evoy ⁊ Stiofán Ó Briain (06-2023). "Fianaise an chlaochlaithe" 11-13. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29-05-2023. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  16. 16.0 16.1 Pat Butler (24 Samhain 2022). "LÉIRMHEAS: Fíor-eispéireas amharclainne ó AerachAiteachGaelach a ardaíonn an croí". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Samhain 2022. Dáta rochtana: 11 Bealtaine 2024.
  17. Colin Crummy (13 Márta 2024). "‘It gives me freedom’: from the Oscars to the Baftas to Sundance – why Irish Gaelic is everywhere". The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Bealtaine 2024.
  18. "Trí ainmniúchán d’AAG ag Gradaim an International Dublin Gay Theatre Festival 2023". AerachAiteachGaelach (14 Bealtaine 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 09 Bealtaine 2024.
  19. "Bua ag AAG sna GALAS". AerachAiteachGaelach (8 Deireadh Fómhair 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024.
  20. "Féilire". AerachAiteachGaelach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Bealtaine 2024.