Sráidbhaile nó baile in Éirinn is ea Gleann Beithe[1] (ginideach: Ghleann Beithe). Ainm deimhnithe is ea Gleann Beithe as Gaeilge. Tháinig an t-ainm as na focail gleann (an áit) agus beith (an crann). Tá an sráidbhaile suite in iardheisceart na tíre i gContae Chiarraí i mbarúntacht Uíbh Ráthach i bparóiste dlí Gleann Beithe. Tugtar Glenbeigh nó Glanbehy as Béarla. Tá Trá Ros Beithe suite in aice leis an baile Gleann Beithe.