Gearradh Caesarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisGearradh Caesarach
cuir in eagar
MeSHD002585 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus002911 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine263424 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist le gearradh Caesarach[1] ná baint an fhéatais ón mbroinn trí obráid máinliachta. Déantar é nuair a bhíonn baol ann go ndéanfadh luí seoil is breith normálta trí chanáil na faighne damáiste suntasach don mháthair nó an féatas. Mar shampla, má bhíonn bac ar an luí seoil, é ar siúl rófhada gan leathadh an cheirbhics, hipirtheannas na máthar dosmachtaithe, nó an soláthar fola don fhéatas lagaithe, déantar gearradh sa bholg íochtarach agus tógtar an féatas amach tríd. Ainmnithe as Iúl Caesar, mar deirtear gur mar seo a rugadh é féin (bíodh is nach bhfuil fianaise ar bith air).[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “gearradh Caesarach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-13.
  2. Hussey, Matt (2011). "Gearradh Caesarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.