Cruidín crainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCruidín crainn
Halcyoninae Cuir in eagar ar Wikidata

Cruidín coille Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineAlcedinidae
FofhineHalcyoninae Cuir in eagar ar Wikidata
Vigors, 1825

Is iad na cruidíní crainn, ar a dtugtar cruidíní coilleHalcyoninae chomh maith, an fhofhine is líonmhaire den trí fhofhine i bhfine na gcruidín a bhfuil thart ar 70 speiceas inti ar féidir iad a roinnt in 12 géineas, le cúpla speiceas cúcabarra san áireamh fosta. Is cosúil gur eascair an fhofhine seo ón Ind-Sín agus ón Áise Muirí Thoir Theas agus gur scaip siad amach as sin chuig go leor áiteanna ar fud an domhain. Tá na cruidíní crainn le fail go forleathan san Áise agus san Astraláise ach is féidir iad a aimsiú san Afraic agus in oileáin an Aigéin Chiúin agus an Aigéin Indiaigh, áit a mhaireann siad in iliomad gnáthóga amhail foraois bháistí theochriosach agus coillte oscailte.

Tá eireabaill ghearra agus cinn mhóra ag na cruidíní crainn agus is éin théagartha iad le goba fada bioracha. Tá dathanna geala acu cosúil le Coraciiformes eile. Éin mhonagamacha chosantacha iad na cruidíní crainn a neadaíonn i bpoill i gcrainnte nó i neadacha teirmítí. Bíonn na fireannaigh agus na baineannaigh mar aon ag gor na huibheacha agus ag tabhairt bia dá n-éin óga. Cé go ngnáthaíonn roinnt cruidíní crainn bogaigh, ní sain-iasciteoirí iad. Tumann formhór na speiceas ar a gcreacha ó fhara chun inveirteabraigh a ghluaisíonn go mall agus veirteabraigh bheaga a sheilg.

Tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fíligineacht Halcyoninae
Halcyoninae

Lacedo

Pelargopsis

Halcyon

Cittura

Tanysiptera

Melidora

Dacelo

Actenoides

Syma

Todiramphus

Cladagram is ea seo bunaithe ar an anailís mhóilíneach a d'fhoilsigh Andersen agus a chomhghleacaithe in 2017. Tá Dacelo agus Actenoides parafíliginiteach. Tá an cúcabarra sluasaidghobach sa ghéineas mhonaitíopach Clytoceyx ina luí in Dacelo agus tá an cruidín bángheadáin sa ghéineas mhonaitíopach Caridonax ina luí in Actenoides.[1]


Brown-winged kingfisher, Sundarbans
Brown-winged kingfisher, Sundarbans, West Bengal, India

Tugtar an t-ainm Daceloninae a thug Charles Lucien Bonaparte isteach in 1841 ar fhofhine na gcruidín crainn go minic, ach tá tús áite ag an ainm Halcyoninae a thug Nicholas Aylward Vigors isteach níos luaithe in 1825.[2]

Ceann de thrí fhofhine fhine na gcruidín Alcedinidae is ea an fhofhine Halcyoninae. Is iad Alcedininae agus Cerylinae an dá fhofhine eile.[3] Tá thart ar 70 speiceas inti a roinntear in 12 géineas.[3] Léirigh staidéar móilíneach a foilsíodh in 2017 go bhfuil an da ghéineas Dacelo agus Actenoides mar a leagtar amach i láthair na huaire parafíliginiteach. Tá an cúcabarra sluasaidghobach sa ghéineas mhonaitíopach Clytoceyx ina luí in Dacelo agus tá an cruidín bángheadáin sa ghéineas mhonaitíopach Caridonax ina luí in Actenoides.[1]

Liosta Speiceas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Géineas Actenoides
  • Green-backed kingfisher, Actenoides monachus
  • Scaly-breasted kingfisher, Actenoides princeps
  • Moustached kingfisher, Actenoides bougainvillei
  • Spotted wood kingfisher, Actenoides lindsayi
  • Hombron's kingfisher, Actenoides hombroni
  • Rufous-collared kingfisher, Actenoides concretus
  • Géineas Melidora
  • Hook-billed kingfisher, Melidora macrorrhina
  • Géineas Lacedo
  • Banded kingfisher, Lacedo pulchella
Brown-headed paradise kingfisher
  • Géineas Tanysiptera, cruidíní parthais
  • Common paradise kingfisher, Tanysiptera galatea
  • Kofiau paradise kingfisher, Tanysiptera ellioti
  • Biak paradise kingfisher, Tanysiptera riedelii
  • Numfor paradise kingfisher, Tanysiptera carolinae
  • Little paradise kingfisher, Tanysiptera hydrocharis
  • Buff-breasted paradise kingfisher, Tanysiptera sylvia
  • Black-capped paradise kingfisher, Tanysiptera nigriceps
  • Red-breasted paradise kingfisher, Tanysiptera nympha
  • Brown-headed paradise kingfisher, Tanysiptera danae
  • Géineas Cittura
  • Sulawesi lilac kingfisher, Cittura cyanotis
  • Sangihe lilac kingfisher, Cittura sanghirensis
  • Géineas Caridonax
  • Cruidín bángheadáin, Caridonax fulgidus
  • Géineas Pelargopsis
  • Stork-billed kingfisher, Pelargopsis capensis
  • Great-billed kingfisher, Pelargopsis melanorhyncha
  • Brown-winged kingfisher, Pelargopsis amauroptera
White-throated kingfisher
  • Géineas Halcyon
  • Ruddy kingfisher, Halcyon coromanda
  • Cruidín píbgheal, Halcyon smyrnensis
  • Brown-breasted kingfisher, Halcyon gularis
  • Javan kingfisher, Halcyon cyanoventris
  • Chocolate-backed kingfisher, Halcyon badia
  • Black-capped kingfisher, Halcyon pileata
  • Grey-headed kingfisher, Halcyon leucocephala
  • Brown-hooded kingfisher, Halcyon albiventris
  • Striped kingfisher, Halcyon chelicuti
  • Blue-breasted kingfisher, Halcyon malimbica
  • Woodland kingfisher, Halcyon senegalensis
  • Mangrove kingfisher, Halcyon senegaloides
  • Géineas Todirhamphus
  • Blue-black kingfisher, Todirhamphus nigrocyaneus
  • Winchell's kingfisher, Todirhamphus winchelli
  • Blue-and-white kingfisher, Todirhamphus diops
  • Lazuli kingfisher, Todirhamphus lazuli
  • Forest kingfisher, Todirhamphus macleayii
  • White-mantled kingfisher, Todirhamphus albonotatus
  • Ultramarine kingfisher, Todirhamphus leucopygius
  • Vanuatu kingfisher, Todirhamphus farquhari
  • Sombre kingfisher, Todirhamphus funebris
  • Collared kingfisher, Todirhamphus chloris
  • Torresian kingfisher, Todirhamphus sordidus
  • Islet kingfisher, Todirhamphus colonus
  • Mariana kingfisher, Todirhamphus albicilla
  • Melanesian kingfisher, Todirhamphus tristrami
  • Pacific kingfisher, Todirhamphus sacer
  • Talaud kingfisher, Todirhamphus enigma
  • Guam kingfisher, Todirhamphus cinnamominus
  • Rusty-capped kingfisher, Todiramphus pelewensis
  • Pohnpei kingfisher, Todiramphus reichenbachii
  • Beach kingfisher, Todirhamphus saurophaga
  • Sacred kingfisher, Todirhamphus sanctus
  • Flat-billed kingfisher, Todirhamphus recurvirostris
  • Cinnamon-banded kingfisher, Todirhamphus australasia
  • Chattering kingfisher, Todirhamphus tuta
  • Mewing kingfisher, Todirhamphus ruficollaris
  • Society kingfisher, Todirhamphus veneratus
  • Mangareva kingfisher, Todirhamphus gambieri
  • Niau kingfisher, Todirhamphus gertrudae
  • Marquesan kingfisher, Todirhamphus godeffroyi
  • Red-backed kingfisher, Todirhamphus pyrrhopygia
  • Géineas Syma
  • Cruidín buíghobach, Syma torotoro
  • Cruidín sléibhe, Syma megarhyncha

Cur Síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éin le heireabaill ghearra agus cinn mhóra iad cruidíní agus is éin théagartha le goba bioracha iad. Tá dathanna geala acu cosúil le Coraciiformes eile. Speicis mheánacha go mhórá iad na cruidíní crainn agus is cruidíní tipiciúla iad dá bharr, cé go bhfuil gob cónúil ollmhór ar an chúcabarra sluasaidghobach agus sraoilleáin eireabaill fhada ar chruidíní parthais Tanysiptera. Leiríonn roinnt speicis amhail na cúcabarraí démhorfacht ghnéis.[4]

Dáileadh agus Gnáthóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an chuid is mó de na cruidíní crainn a aismiú in aeráidí teo na hAfraice, na hÁise theas agus thoir theas agus na hAstraláise. Níl aon bhall den fhine seo le fáil i Meiriceá Theas ná Thuaidh. Ceaptar gurb í an Astraláise thrópaiceach bunadh na fofhine, áit a bhfuil an líon is mó speiceas le fáil.[5]

Baineann cruidíní crainn úsáid as réimse leathan gnáthóga idir faoraois bháistí thrópaiceach, coillte oscailte agus tír sceiche. Níl baint ag formhór na speiceas seo leis an uisce agus is féidir iad a aimsiú in áiteanna tura na hAstráile agus na hAfraice.[6]

Pórú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ruddy kingfisher

Tá cruidíní crainn monagamach agus cosantach cé go bhfuil córas póraithe chomhoibrithigh ag roinnt speiceas amhail trí chineál cúcabarra a bhaineann le héin óga ó áil a bhí acu roimhe sin. Is poill crainn iad a gcuid nead idir cinn nádúrtha, sean-nead chnagaire nó cinn a thochail siad in adhmaid bhog nó lofa. Tochlaíonn roinnt speiceas poill i neadacha teirmítí. Ní chuirtear aon ábhar neada leis ach is féidir le bruscar carnadh thar na blianta. Gorann agus cothaíonn an dá thuismitheoir na huibheacha agus na hein óga. Agaítear breith na n-uibeacha gach aon lá ionas go mbeathaítear na scalltáin níos sine agus níos mó má tá ganntanas bia ann. Tá na héin óga lomnocht, dall agus gan aon neart acu nuair a thagann siad amach agus seasann siad ar a sála éagsúil le héin fhásta.[7]

Beathú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go ngnáthaíonn roinnt cruidíní crainn amhail an cruidín dubhchaipíneach bogaigh, ní sain-iasciteoirí iad. Is sealgairí foighneacha iad formhór na speiceas a fhéachann agus a fhanann sula dtumann siad anuas ó fhara chun inveirteabraigh a ghluaisíonn go mall agus veirteabraigh bheaga a sheilg. Tochlaíonn an cúcabarra sluasaidghobach trí easair duillí ar lorg péist agus creacha eile dó agus beathaíonn an cruidín Vanuatúach é féin le feithidí agus damháin alla amháin. Tá cúpla speiceas an Aigéin Chiúin Thiar feithiditeach fosta agus cuilbheireann siad ar a gcuid creacha. Mar aon leis na finte cruidín eile, is minic gob leacaithe dearg a bheith ar na speicis fheithiditeacha chun cabhrú leo feithidí a ghabháil.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Michael J. Andersen, Jenna M. McCullough, William M. Mauck, Brian Tilston Smith, Robert G. Moyle (2018-02). "A phylogeny of kingfishers reveals an Indomalayan origin and elevated rates of diversification on oceanic islands" (as en). Journal of Biogeography 45 (2): 269–281. doi:10.1111/jbi.13139. ISSN 0305-0270. 
  2. Storrs L. Olson (1995-04). "History and Nomenclature of Avian Family-Group Names. Bulletin of the American Museum of Natural History, Volume 222 W. J. Bock". The Auk 112 (2): 539–546. doi:10.2307/4088759. 
  3. 3.0 3.1 "Rollers, ground rollers, kingfishers – IOC World Bird List". www.worldbirdnames.org. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  4. Charles Hilary Fry, Kathie Fry, Alan Harris (1992). "Kingfishers, Bee-eaters & Rollers: a handbook": lgh 6-11. London: Helm [u.a.]. 
  5. Charles Hilary Fry, Kathie Fry, Alan Harris (1992). "Kingfishers, Bee-eaters & Rollers: a handbook": lgh 21-22. London: Helm [u.a.]. 
  6. 6.0 6.1 Charles Hilary Fry, Kathie Fry, Alan Harris (1992). "Kingfishers, Bee-eaters & Rollers: a handbook": lgh 12-13. London: Helm [u.a.]. 
  7. Charles Hilary Fry, Kathie Fry, Alan Harris (1992). "Kingfishers, Bee-eaters & Rollers: a handbook": lgh 17-18. London: Helm [u.a.]. 

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Kingfishers, Bee-eaters, and Rollers" (1992). London: Christopher Helm. 

Nascanna Seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]