Bobby Storey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBobby Storey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Aibreán 1956
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Meitheamh 2020
64 bliana d'aois
Sasana, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Cathaoirleach Shinn Féin sa tuaisceart, agus ball sinsearach den IRA, ba ea Robert (Bobby) Storey (11 Aibreán 1956 – 21 Meitheamh 2020), a tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eagraigh Storey an tÉalú Mór ón Cheis Fhada in 1983. Gabhadh é uair níos déanaí. Chaith sé 20 bliain i bpríosún in iomlán i dTuaisceart Éireann.

I mí Lúnasa 2015, feallmharaíodh Kevin McGuigan, ball den IRA Sealadach. Gabhadh Storey ar an 2 Meán Fómhair 2015 agus scaoileadh saor é gan chúiseamh dhá lá níos déanaí. Nuair a labhair Bobby Storey amach níos déanaí, dúirt sé freisin gur do Shinn Féin chomh maith le próiseas na síochána iad na dúnmharfóirí.[1][2]

Ba é fógra an PSNI gurb é a bhreithiúnas go raibh baint ag baill den IRA le dúnmharú Kevin McGuigan a bhain creathadh as Stormont. Cuireadh an lasair sa bharrach nuair a gabhadh Storey an mhaidin a raibh cainteanna ollphairtí le tosú, ar ar an 2 Meán Fómhair 2015.[3][4]

23 Márta 2017 lucht na sochraide Martin McGuinness : Michelle O'Neill, Mary Lou McDonald, Sean Hughes agus Bobby Storey

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Storey faoi scian i Newcastle upon Tyne sa bhliain 2020 (trasphlandú scamhóige) ach níor tháinig sé slán as.

Bhí Michelle O'Neill, Mary Lou McDonald, Gerry Adams agus baill shinsearacha eile de Shinn Féin ar shochraid Storey in iarthar Bhéal Feirste ar an 30 Meitheamh 2020.[5] Sa bhliain 2024, agus í ag tabhairt fianaise ag fiosrúchán poiblí faoin gcaoi ar láimhseáladh an phaindéim sa Tuaisceart, dúirt Michelle O'Neill go raibh aiféala uirthi go ndeachaigh sí chuig an tsochraid (ina LeasChéad-Aire ag an am) agus go mb'oth léi go mór gur ghoill an scéal ar dhaoine. Dúirt sí gur thuig sí gur chuir a cuid iompair fearg ar dhaoine ar bhásaigh a ndaoine muinteartha le Covid agus gur chuir a raibh déanta aici leis an mbrón a bhí orthu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Former PSNI chief constable George Hamilton believes Kevin McGuigan was killed with the 'knowledge and concurrence' of senior republicans" (en). The Irish News (2021-04-15). Dáta rochtana: 2024-05-14.
  2. "SF lobbied for return of on the run IRA man later killed by his former comrades" (en-GB) (2024-04-17). Dáta rochtana: 2024-05-14.
  3. Póilín Ní Chiaráin (25 Deireadh Fómhair 2015). "Dochar déanta ag ‘isteach-dó-trí-amach-dó-trí’ an DUP agus an Tionól le tarrtháil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  4. Póilín Ní Chiaráin (25 Deireadh Fómhair 2015). "Is minic a bhris béal duine a shrón ach ní hamhlaidh an scéal i Stormont" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  5. Nuacht RTÉ (2024-05-14). "Leithscéal gafa ag Michelle O'Neill faoi bheith ar shochraid" (as ga-IE).